

Bhí rudaí deacair do Verona Murphy le cúpla seachtain anuas. Agus í díreach tofa mar an chéad Cheann Comhairle baineann riamh, bhí uirthi dul i ngleic le fir an rialtais agus Teachtaí Dála achrannacha an Fhreasúra.
Ach tá sé seo mar lár-chuid den jab nua atá faighte ag an tiománaí leoraí agus sciamheolaí (beautician) a d’fhág an scoil nuair nach raibh sí ach 15 bliana d’aois.

Cheannaigh Murphy a céad trucail agus í 21 bliain d’aois agus bhí iníon aici an bhliain dár gcionn mar mháthair shingil.
Toghadh í mar Cheann Comhairle le tacaíocht ó Michael Lowry agus a ghrúpa Neamhspleách Réigiúnach, na deartháireacha Healy-Rae, agus Teachtaí ó pháirtithe an Rialtais as Fianna Fáil agus Fine Gael.
Mar sin féin, anois tá cuid dá lucht tacaíochta ar buile léi agus a neamhspleáchas léirithe aici.
Mar sin cé hí Verona Murphy?
Rugadh í i 1971, agus tógadh ar fheirm i gContae Loch Garman í, in éindí le 11 deartháir agus deirfiúr. D’éirigh sí as an scoil agus í 15 bliana d’aois sular bhog sí go Sasana le dul ag obair.
D’fhill Verona ar Éirinn dhá bhliain ina dhiaidh sin agus thosaigh sí ag obair san earnáil iompair agus tarlaithe.
Agus á Verona oilte freisin mar sciamheolaí. D’fhill Verona ar an oideachas níos déanaí sa saol agus rinne sí an Ardteist agus í sna 30idí sular bhain sí BA sa dlí amach ó IT Cheatharlach.
In a dhiaidh sin, toghadh í mar uachtarán ar Chumann Tarlaithe Bóthair na hÉireann i 2015 ach d’éirigh sí as an bpost sin nuair a toghadh chun na Dála í i 2020.
Tá iníon amháin ag Verona, Robyn, atá 30 bliain d’aois anois.
Tharraing Murphy conspóid áfach nuair a thosaigh sí amach sa pholaitíocht.
Sheas sí mar iarrthóir d’Fhine Gael i bhfothoghchán Loch Garman i 2019, ach níor toghadh í. Cháin ceannaire an pháirtí, Leo Varadkar, í ina dhiaidh as ucht na rudaí a bhí ráite aici faoi inimircigh sa t ir seo.
D’éirigh léi suíochán a bhaint amach áfach amach nuair a sheas sí mar iarrthóir neamhspleách in olltoghchán 2020.
Tar éis an olltoghcháin dheireanaigh, ní raibh faitíos uirthi suim a léiriú i ról an Chinn Chomhairle.
Ach bhí conspóid ann nuair a dúirt sí: ‘Bheadh cumas níos fearr agam mar Cheann Comhairle tionchar a bheith agam ar Loch Garman agus níos mó oibre a dhéanamh ar son Loch Garman ná mar a bheinn mar TD sa bhfreasúra.’

Níl cead ag an gCeann Comhairle a dtionchar a úsáid agus caithfidh siad a bheith neamhchlaonta ó thaobh na polaitíochta de.
Mar sin féin, toghadh í ar an tríú comhaireamh agus í san iomaíocht leis an gCeann Comhairle reatha Seán Ó Fearghaíl ó Fhianna Fáil, John McGuinness ó Fhianna Fáil, is Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin.
Bhí Verona le feiceáil in éindí lena hiníon Robyn ag ceiliúradh nuair a d’éirigh léi an vóta a bhuachan.
Seans nach raibh sí ag ceiliúradh mórán ó shin ach tá sí tar éis a thaispeáint go bhfuil an cumas aici na rialacha a leagan síos go crua i ndomhan fearúil na polaitíochta.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.