An gcomhlíonfaidh McEntee gealltanas an Rialtais faoin nGaeilge?

Tá amhras ann faoi thiomantas an Rialtais do na gealltanais a tugadh sa Chlár Rialtais faoin nGaeilge sa chóras oideachais: Tuarascáil le Bill Breathnach

Dhiúltaigh an t-Aire Oideachais nua Helen McEntee a rá go gcomhlíonfar gealltanais atá déanta ag an Rialtas maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais, de réir dealraimh.

Geallann an Clár Rialtais nua go gcuirfear athraithe radacacha i bhfeidhm maidir le curaclaim na Gaeilge ar fud an chórais ar fad.

Áfach, bhí sé ráite ag an iar-Aire Oideachais Norma Foley roimh an olltoghchán nach bhfuil smacht ag an Roinn ar churaclam na hArdteiste mar tá eagraíocht atá neamhspleách ón Rialtas ag tabhairt aghaidh ar an gceist seo – rud a chuir díomá ar eagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge.

Gaeilge sa scoileanna: Helen McEntee
Gaeilge sa scoileanna: Helen McEntee

Mar sin bhí dóchas ann nuair a d’fhógair an clár rialtais go mbeadh an cúrsa á athrú, ach nuair a cheistíodh an t-Aire nua faoi seo agus í ag labhairt ag preasócáid i bPáirc an Chrócaigh ní raibh rudaí chomh soiléir sin. 

Dhiúltaigh sí a rá go raibh paradacsa ar leith ann más rud é go raibh an Rialtas sásta polasaí áirithe a ghealladh ach ag an am céanna ligean d’eagraíocht neamhspleách an cinneadh deiridh a bheith acu air.

Dúirt sí: ‘Caithfimid a bheith uaillmhianach maidir leis an gcaoi a thugaimid tacaíocht agus cosaint don Ghaeilge, ach ag an am céanna caithfear a chinntiú go mbeidh cinntí maidir le hathraithe sa churaclam déanta ar bhonn neamhspleách. Ba mhaith liom go mbeidh níos

mó daoine taitneamh aisti, agus ní amháin go mairfidh sí inár scoileanna ach go mbeidh sí faoi bhláth iontu.

‘Ní shin le rá nach féidir leis an eagraíocht atá freagrach as athraithe sa churaclam breathnú ar bhealaí difriúla leis an tacaíocht atá ann don Ghaeilge a fheabhsú.’

Faoi láthair, tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), eagraíocht neamhspleách, ag déanamh athfhorbartha ar churaclam na hArdteiste do gach ábhar.

Roimh an olltoghchán, dúirt Norma Foley, a bhí mar Aire Oideachais ag an am, nach raibh smacht ar bith aici ar churaclam Ghaeilge na hArdteiste de bharr go raibh ‘an obair seo ar siúl faoi láthair’ ag an CNCM.

Nuair a foilsíodh an Clár Rialtais ag tús na bliana, áfach, gheall an cháipéis go mbeidh gach curaclam Gaeilge sa chóras oideachais bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.

Ciallaíonn sé seo go mbeidh gach curaclam Gaeilge bunaithe ar threoirlíne idirnáisiúnta a úsáidtear ar fud na hEorpa le caighdeán an fhoghlaimeora a thomhais.

Tá an chuma ar an scéal gur éirigh leis an Teachta Dála neamhspleách Barry Heneghan an gealltanas seo a bhaint amach nuair a ghlac sé páirt i gcainteanna leis an Rialtas nua a bhunú leis na Neamhspleáigh Réigiúnacha.

Bhí cruinniú ag an Teachta Heneghan le Conradh na Gaeilge roimh na cainteanna seo agus iarradh air an polasaí seo a mholadh.

Ní léir go raibh sé i gceist ag Fine Gael aghaidh a thabhairt ar an bpolasaí seo, áfach,  cé go bhfuil an páirtí anois i gceannas ar an Roinn Oideachais.

Mar chuid den fheachtas ‘GaelVóta’ roimh an olltoghchán, dhiúltaigh Fine Gael ceisteanna maidir leis an bpolasaí a fhreagairt.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram