

Agus aistear spioradálta ar bun aige, baisteadh Russell Brand in abhainn an Thames anuraidh sula bhfuair sé barróg ón gCríostaí teann téagartha Bear Grylls.
Ach in ainneoin na múscailte seo, tá an chuma ar an scéal nár chuir sé seo isteach ar an gcumas atá Brand na táinte a bhaint amach.
Ar ndóigh, d’éirigh leis an bhfear grinn conspóideach, atá ag obair anois mar ‘cheannaire fealsúnachta’, £3 mhilliún a shaothrú an bhliain seo caite.

Le bliain anuas, tá Brand théis a bheith níos rathúla ná riamh ó thaobh an airgid de – rud nach mbeifí ag súil leis de bharr a chuid deacrachtaí pearsanta.
Aisteach go leor, in agallamh leis an gcraoltóir Jeremy Paxman i 2013, dúirt an fear grinn leis gur ‘focal bradach is ea an téarma “brabús”.’
Tagann deacrachtaí Brand ó líomhaintí atá déanta ag neart mná a mhaíonn go bhfuil banéigniú, ionsaithe gnéasacha agus ‘drochíde mothúchánach’ déanta aige. Tá na líomhaintí seo séanta aige agus tá fiosrúchán ar bun ag póilíní na Breataine.
Creidtear go bhfuil cáipéis seolta na póilíní chuig Seirbhís Ionchúisimh na Breataine Mí Samhna seo caite théis fiosrúchán a mhair 13 mí.
Agus an iniúchadh seo ar bun, cuireadh deireadh le cainéal YouTube Brand, rud a bhí mar phríomh-fhoinse ioncaim aige. Rialaigh an t-ardán go raibh a ‘bpolasaí freagrachta do chruthaitheoirí’ sáraithe aige.
Níor chuir sé seo isteach nó amach ar Brand áfach agus cuireann sé a cuid físeán thuas ar an ardán Rumble, rud a bhí luaite i gcuntais a bhí seolta go rialtas na Breataine.
Ach tá ag éirí thar cionn leis an bhfear grinn ar an ardán nua atá ‘glan i gcoinne an chultúir cheallaithe’ (cancel culture). Taispeánann cuntais do chomhlacht léiriúcháin Brand, Pablo Diablo’s Legitimate Business Firm Ltd, go bhfuil €9.6 milliún saothraithe anois acu – ardú €3.6 mhilliún le bliain anuas.

Creidtear go bhfuil Brand anois lonnaithe i bhFlorida, áit a bhfuil ceanncheathrú Rumble, i mbungaló cois trá ar luach €2.3 mhilliún. I 2016, chaith an fear grinn €3.96 mhilliún ar theach i Londain ar bhruach abhainn an Thames in éindí lena bhean chéile Laura agus a thriúr pháiste.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.