

Is í Gráinne Ní Fhátharta ionadaí na hÉireann sa Chomórtas Amhrán Pan Cheilteach agus d’fhás sí aníos ag labhairt Gaeilge agus ag canadh ar an sean-nós.
Fós féin tá meas aici ar lucht na Gaeilge a mbíonn ag dul i ngleic le fadhbanna na teanga taobh amuigh den Ghaeltacht.
Agus creideann sí gur féidir le himeachtaí mar an Comórtas Amhrán Pan Cheilteach cuidiú leo.

In agallamh leis an Irish Independent, dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach comórtais mar seo a reáchtáil i gceantar nach bhfuil sa Ghaeltacht.
‘Cuireann sé an Ghaeilge ar fáil dóibh siúd nach n-úsáidfeadh í go laethúil,’ a dúirt sí.
Is múinteoir bunscoile í Gráinne, as Baile na hAbhann i nGaillimh, agus is ceoltóirí aitheanta iad a muintir.
Is gariníon í le Caitlín Uí Fhátharta, duine de chlann cháiliúil Ghriallais as Maigh Cuillinn (Moycullen).
Cé gur amhránaí sean-nóis í go hiondúil, déanfaidh sí ionadaíocht ar son na hÉireann le hamhrán nua-aimseartha, cumtha ag Áine Durkin, ‘Fágtha Gan Freagraí’.
Seo an cheathrú huair d’Áine a bheith ann agus an dara huair le Gráinne.
Ach nuair a bhuaigh an bheirt acu é cheana féin, leis an amhrán ‘Mar a Bhíonn’, is i rith Covid i 2020 a bhí sé agus ní raibh seans ag Gráinne dul ar aghaidh chuig an gcomórtas idirnáisiúnta an bhliain sin.
Agus iad ag caint ar Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta dúirt Áine: Seo an cheathrú huair agamsa an duais seo bhaint amach, ach an dara huair le Gráinne.
‘Ach an fáth go bhfuil áthas an tsaoil orm leis an gceann seo, mar i 2020 nuair a bhuaigh Gráinne leis an amhrán ‘Mar a Bhíonn’, tháinig Covid agus ní raibh deis aici dul ar aghaidh ag an gcomórtas idirnáisiúnta an bhliain sin.
‘So, tá mé ag súil go mór lena fheiceáil ar an stáitse i gCeatharlach ar an gceathrú lá fichead de mhí Aibreáin.’
Agus dúirt Gráinne: ‘Rinne muid cúpla amhrán idir sin agus nuair a bhí an fhéile idirnáisiúnta ann sa bhliain 2023.

‘So, bhí muid trí bliana ag fanacht le dul ar aghaidh go comórtas idirnáisiúnta, ach níl ann ach trí mhí an t-am seo. So beidh sé go deas ag dul ar aghaidh agus á chasadh.’
Beidh Comórtas Amhrán Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar siúl i mbaile Cheatharlach (Carlow) mar chuid den Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach idir 22 agus 26 Aibreán.
Bíonn sé ar siúl gach bliain ó 1971 agus is é aidhm an chomórtais ná teangacha agus cultúir Cheilteacha ó na sé náisiún Cheilteacha a chur chun cinn.
Siad sin: An Bhriotáin (Brittany); Corn na Breataine (Cornwall); Éire; Oileán Mhanann (Isle of Man); Albain agus An Bhreatain Bheag.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.