

Tá bagairt déanta ag Donald Trump díriú ar an Aontas Eorpach i ndiaidh Cheanada, Mheicsiceo agus na Síne.
Cé gur chuir Trump moill ar a tháillí ar Mheicsiceo agus Ceanada ar feadh míosa, tá an dá thír fós faoi bhrú a gcuid trádála isteach sna Stáit Aontaithe a laghdú.
Agus tugadh isteach táillí 10% ar tháirgí Síneacha ag 12:01 Dé Máirt, de réir an New York Times.
Ina dhiaidh sin d’fhógair rialtas na Síne táillí ar earraí ó na Stáit Aontaithe.
Áirítear leo cánacha breise ar ghual, gás nádúrtha, innealra feirme agus táirgí eile ó na Stáit Aontaithe.
Chuir rialtas na Síne srian freisin ar onnmhairiú mianraí áirithe a úsáidtear chun táirgí ardteicneolaíochta (high-tech)a dhéanamh.
Is cinnte go dtarlóidh taraifí leis an Aontas Eorpach agus beidh siad go luath, a dúirt Trump leis an BBC tráthnóna Dé Domhnaigh.
Agus ar an Luan dúirt sé: ‘Tá an tAontas Eorpach ag baint mí-úsáide as na Stáit Aontaithe le blianta fada, agus ní féidir leo é sin a dhéanamh.’ Mar sin beidh an brú céann ar an tír seo.

Má thugann Trump isteach taraifí ar an Aontas Eorpach, is dócha go mbeidh siad níos measa ar thíortha áirithe ná tíortha eile – agus is í Éire a bheadh thíos leis.
Is í an Ghearmáin an tír san AE a dhíolann an méid is mó earraí do na Stáit Aontaithe. B’fhiú €157.7 billiún a thrádáil i 2023, de réir tuairisc sa Guardian.
Mar sin féin, tá an céatadán d’onnmhairí (exports) na hÉireann chuig na Stáit Aontaithe níos mó ná aon tír eile san AE, ag níos mó ná 25% dár dtrádáil idirnáisiúnta.
B’fhiú breis agus €67 billiún onnmhairí na hÉireann chuig na Stáit Aontaithe sa chéad 11 mhí den bhliain seo caite, i gcomparáid le hallmhairí (imports) de €20 billiún, de réir tuairisc san Irish Times.
Ba thionscail chógaisíochta agus cheimiceacha iad 80% de na honnmhairí a bhfuil Trump ag iarraidh taraifí orthu. Tá sé ag iarraidh a bpoist déantúsaíochta a bhogadh ar ais go SAM.

Fostaíonn gnólachtaí Meiriceánacha thart ar 210,000 duine in Éirinn, dar le Cumann Tráchtála Mheiriceá Éireann, agus ghlac an Stát níos mó ná €39 billiún de cháin chorparáide anuraidh, cuid mhór de ó chomhlachtaí ilnáisiúnta na Stát Aontaithe atá ag feidhmiú anseo.
Díolann an Ghearmáin agus an Iodáil céatadán ard dá dtrádáil idirnáisiúnta chuig na Stáit Aontaithe freisin – ach níl ann dóibh ach 10%.
Má thugann Trump isteach taraifí ar earnálacha áirithe is dóichí go mbeidh siad ar dhéantóirí gluaisteán, gnólachtaí ceimiceán agus cuideachtaí cógaisíochta (pharmaceutical).
Chiallódh sé sin go gcuirfí isteach ar thionscail chógaisíochta na hÉireann, atá ag brath go mór ar chuideachtaí Meiriceánacha.
Ag an am céanna, maidir le trádáil, déanann an tAontas Eorpach gníomhaíocht chomhchoiteann.
Agus tá sé ráite ag Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, go seasfaidh gach ball le chéile má bhíonn taraifí i gceist.
Le sin, cé go bhfuil aontacht iarrtha ag an Taoiseach Micheál Martin freisin, dúirt sé nár cheart don Aontas Eorpach faic a dhéanamh roimh am.
Agus in ainneoin éilimh Trump faoin Aontas Eorpach a bheith ag caitheamh go héagórach leis na Stáit Aontaithe, tá na taraifí a fhorchuireann na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach ar a chéile cosúil go leor, de réir tuarascála sa New York Times.
Dúirt sé go bhfuil táirgí a onnmhairítear ó na Stáit Aontaithe go dtí an tAontas Eorpach faoi réir taraif 3.95% ar an meán, de réir ING Global Markets Research.

Agus tá taraif 3.5%, ar an meán, ar tháirgí ón Aontas Eorpach a dhíoltar sna Stáit Aontaithe.
Mar sin féin, tá sé difriúil ar roinnt earraí. Is é 10% taraif an Aontais Eorpaigh ar ghluaisteáin, rud a thacaíonn le déantóirí gluaisteán na Gearmáine, i gcomparáid le 2.5% ag na Stáit Aontaithe.
Chomh maith leis sin, tá taraifí an AE ar bhia agus ar dheochanna, a thacaíonn cuid de thionscail na hÉireann, 3.5% ar an meán níos airde ná iad siúd atá leagtha síos ag na Stáit Aontaithe.
Agus tá gearán déanta ag Trump le fada an lá faoi an dá earnáil sin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.