

Tá seans níos mó ann go mbeidh leanaí óga róthrom nó murtallach (obese) tar éis dóibh bia dianphróiseáilte (ultra-processed) a ithe, de réir staidéar nua.
Má itheann buachaill atá trí bliana d’aois bia dianphróiseáilte, d’fhéadfadh fadhbanna murtallacha (obesity) a bheith aige faoin am a bheidh sé cúig bliana d’aois, de réir an staidéir.

Fuarthas amach sa staidéar céanna nach méadaíonn bia dianphróiseáilte an baol murtallacha do chailíní den aois chéanna.
Rinne an taighde scrúdú ar 2,217 naíonán, a ceistíodh a dtuismitheoirí faoina nósanna itheacháin.
B’ionann bia dianphróiseáilte agus 45% dá n-iontógáil calra (calorie) laethúil. Bhí brioscaí, milseáin, gránaigh bhricfeasta (breakfast cereal) agus cnaipíní sicín (chicken nuggets) i measc na dtáirgí is coitianta.
Nuair a mhéadaigh buachaill a iontógáil calorie laethúil faoi 10% trí bhia dianphróiseáilte a ithe, bhí riosca 19% níos mó aige a bheith róthrom nó murtallach faoi chúig bliana d’aois, ar an meán, de réir an staidéir.
D’fhéadfadh sé seo a bheith mar thoradh ar bharra breise seacláide a ithe gach lá.
Rinneadh an staidéar i gCeanada ach is ionann an méid bia dianphróiseáilte a itheann leanaí óga ansin agus a itheann leanaí in Éirinn.
Dúirt údar an staidéir, an Dr Kozeta Miliku: ‘Is scanrúil é an nasc seo atá ann idir nósanna itheacháin leanaí óga agus riosca méadaithe murtallacha ag aois chomh hóg sin.
‘Tá sé seo tábhachtach mar is gnách go n-éiríonn leanaí murtallach ina ndaoine fásta atá murtallach freisin, agus d’fhéadfadh go mbeadh riosca níos mó acu maidir le fadhbanna leighis cosúil le ardbhrú fola agus diaibéiteas cineál 2 dá bharr.’
Maidir leis an bhfáth a mhéadaíonn bianna mar ghnáth bhricfeasta le siúcra agus sceallóga reoite (frozen chips) an baol murtallacha i mbuachaillí agus fir, creideann taighdeoirí go bhféadfadh breiseáin (additives) athrú a dhéanamh ar an mbaictéir ina bputóga.
Mar sin féin, tá na smaointe seo bunaithe ar staidéir theoranta agus mar sin tá rabhadh tugtha ag eolaithe go bhfuil gá le tuilleadh taighde.
Dúirt an taighdeoir, an Dr Howard Chen, ó Ollscoil Toronto: ‘Tá tuilleadh staidéir ag teastáil uainn ar bhaictéir putóige i leanaí chun tuiscint a fháil ar na meicníochtaí féideartha idir bia dianphróiseáilte agus fadhbanna murtallacha.’

Tá na heolaithe ag lorg níos mó rabhaidh faoi bhia dianphróiseáilte anois, cosúil leis na lipéid rabhaidh ar phacáistíocht bia a thugann faisnéis chothaitheach (nutritional).
Dúirt an Dr Miliku, a bhfuil leanbh trí bliana d’aois aige, leis an iris JAMA Network Open: ‘Ní mór dúinn i ndáiríre níos mó a dhéanamh chun dul i ngleic le haiste bhia ár ndaoine beaga.
‘Tá bia dianphróiseáilte an-inrochtana (accessible). Táimid go léir ag déanamh ár ndíchill chun a chinntiú go bhfuil ár bpáistí cothaithe, ach tá deiseanna ann dúinn feabhas a chur ar a n-aiste bia.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.