Na siopaí is fearr ar domhan – agus an ceann Éireannach ina measc

27/01/2025

Tá turais siopadóireachta chomh mór sin mar chuid den taisteal saoire go bhfuil gá le liosta de na siopaí ilranna (department stores) is fearr

Tá a fhios ag na húinéirí siopaí ilranna is fearr ar domhan conas freastal ar a gcuid custaiméirí, is cuma cad atá á cheannach acu.

Ó bhianna míne go héadaí agus seodra níos míne fós, is é turas siopadóireachta go ceann de na siopaí seo an sólás deiridh.

Is beag an t-ionadh mar sin go bhfuil an-tóir ar thurais siopadóireachta ceann scríbe – agus cuairteoirí ó gach cearn den domhan ag dul chuig na siopaí móréilimh seo.

I measc na siopaí is fearr tá Fortnum & Mason
I measc na siopaí is fearr tá Fortnum & Mason

É sin ráite, as na siopaí sómasach (luxury) ar fad ar fud an domhain caithfidh tú a bheith ag smaoineamh cé acu is fearr.

Má smaoiníonn tú láithreach ar Bloomingdales i Nua-Eabhrac nó Harrods i Londain tá tú mícheart.

Is é Fortnum agus Mason i Londain atá san áit is fearr i suirbhé nua a rinne CouponPi.

Rinne an branda anailís ar shonraí os cionn 46,000 léirmheas Google do na siopaí go léar, agus ina dhiaidh sin bronnadh marc as cúig cinn air, chomh maith leis na huaireanta a úsáideadh focail a léiríonn eispéireas dearfach.

Fuair ​​Fortnum agus Mason scór rátála de 4.5 as cúig agus 10 as 10 marc as focail dhearfacha a bhain leis.

Osclaíodh an siopa den chéad uair sa bhliain 1707 agus thar na céadta bliain tá cáil air as a chuid bia agus as a chuid earraí tí. Tá láimhdeachas (turnover) bliantúil de bheagnach €250 milliún aige.

Ina dhiaidh Fortnum and Mason tá El Palacio i gCathair Mheicsiceo. Tá siopa eile i Londain, Liberty, sa tríú háit. Agus ansin tá an siopa Éireannach atá ar an liosta.

Liberty
Liberty

D’éirigh thar barr le Arnotts, a rinne ceiliúradh ar a chomóradh 175 bliain in 2018, mar cheann de na siopaí is cáiliúla ar domhan, chun an ceathrú háit a fháil ar an liosta.

Bhunaigh George Cannock agus Andrew White an siopa,  atá ar Shráid Anraí (Henry Street) i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1845.

Trí bliana ina dhiaidh sin, cheannaigh an fiontraí Albanach John Arnott scaireanna (shares) sa chuideachta agus i 1865 athbhrandáladh é mar Arnotts.

Fuair sé scór dearfach 60.9%, le siopadóirí go háirithe tógtha le cairdiúlacht na foirne.

I measc na hathbhreithnithe dearfacha tá moladh ‘an fhoireann atá an-deas’ a théann ‘níos faide’.

Arnotts
Arnotts

Tá Arnotts níos fearr ná siopaí mar Selfridges, a tháinig sa chúigiú háit, de réir an liosta.

Ina dhiaidh sin bhí Printemps i bPáras, Ionad Siopadóireachta Takashimaya i gCathair Ngee Ann, Singeapór, Bloomingdales ar 59th Street i Nua-Eabhrac, agus Saks Fifth Avenue agus Le Bon Marché i bPáras ina dhiaidh sin.

Fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuair gach siopa ar a laghad 4.5 as 5 i rátálacha agus bhí raon idir 44.9% agus 62.1% ann maidir le focail le taithí dhearfach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram