

Amharcann go leor daoine ar an mbricfeasta ‘full Irish’ mar bhia ócáideach, leis na ‘carbs’ agus na saille (fats) sin míshláintiúil an chuid is mó de na maidineacha.
Mar sin féin, deir eolaithe anois gur féidir leis an ‘fry-up’ a bheith níos cothaithe (nutritious) ná bricfeasta faiseanta mar granola agus iógart le torthaí.
Tá bricfeasta ‘full Irish’ lán le próitéin, vitimíní agus cothaithigh (nutrients), a deir na saineolaithe.
Agus coimeádfaidh sé lán tú níos faide ionas nach leanfaidh tú ag ithe sneaiceanna (snacks).

Tá sé go maith freisin do d’inchinn, tá sé léirithe ag an taighde is déanaí.
I gcodarsnacht (contrast) leis an ‘full Irish’, de réir taighde, tá go leor roghanna bricfeasta sláintiúil, ar bheagán saille (low-fat) nó orgánacha mar a thugtar orthu pacáilte le siúcra, síoróip arbhair (corn syrup) agus dlúthán torthaí (fruit concentrate).
Soláthraíonn na carbaihiodráití simplí seo treisiú gairid ar fhuinneamh (short energy boost) ach féadann go mbeadh tú ag mothú ‘sluggish’ agus ag iarraidh níos mó agus níos mó bia míshláintiúil a ithe.
Dúirt saineolaithe go bhfuil carbaihiodráití casta agus saillte sláintiúla i mbéilí maidine cócaráilte a chabhraíonn linn an lá ar fad a chothú.
D’fhéadfadh chomh beag le 600 calra a bheith i mbricfeasta ‘full Irish’, a úsáideann comhábhair (ingredients) Éireannacha ardchaighdeáin neamhphróiseáilte – timpeall an ceathrú cuid den iontógáil laethúil a mholtar duine fásta.
Mar sin féin, tá suas le 220 calra i ngach barra ag cuid de na barraí torthaí agus iógart is coitianta.

Ciallaíonn sé sin mura n-itheann tú ach trí cinn díobh d’fhéadfá a bheith ag fáil níos mó calraí ná pláta uibheacha, slisíní bagúin (rashers) agus ispíní le haghaidh do bhricfeasta.
Thug tuarascáil an ghnólachta taistil Ski Vertigo, atá bunaithe ar staidéar in 2022 in Journal of Nutrition and Metabolism, rabhadh go bhféadfadh méadú ar shiúcra fola a bheith mar thoradh ar bhianna bricfeasta íseal-saille nó orgánacha.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.