

Beidh ár mbillí don leictreachas níos airde an chéad uair eile tar éis na dteochtaí fíor-íseal a bhí againn.
Cé go mbeidh costais i bhfad níos airde ag go leor teaghlach as leictreachas sna seachtainí atá romhainn níl go leor daoine cinnte cá háit a bhfuil an t-airgead ag dul.
Mar sin, seo liosta de na nithe is mó a úsáidtear i do theach le leictreachas, agus an méid a íocann tú astu.

Níl sé go dona ar fad, ar ndóigh, mar, mar a d’fhógair an Rialtas roimh an olltoghchán, i mBuiséad 2025 gheobhaidh gach custaiméir le leictreachas bónas €250 chun cabhrú lena gcuid billí, a íocfar amach in dhá chuid de €125.
Tá an dara híocaíocht dlite sna seachtainí amach romhainn ach, le costas na Nollag agus ag déileáil le haimsir an gheimhridh, ní bhainfidh an t-airgead sin ach cuid bheag den tsuim.
Ina theannta sin, níl anseo ach íocaíocht aonuaire agus mar sin is fiú a fháil amach cad iad na gléasanna le leictreachas a chosnaíonn níos mó.
Thug Energia foláireamh faoi na fearais tí is mó a chuireann le do bhille.
Léiríonn taighde a rinne an comhlacht fuinnimh na gléasanna is mó a chuireann le méadú ar bhillí le leictreachas in Éirinn.
Fuair Energia amach gurb é an cithfholcadh cumhachta (power shower) an fearas is costasaí, agus tagann an triomadóir rothlaim (tumble dryer) sa dara háit.
• Cosnaíonn sé €3.33 cithfholcadh cumhachta (power shower) a úsáid ar feadh uair an chloig;
• Tá sé sin beagnach dhá oiread níos mó ná tumthéitheoir (immersion heater), ar €1.67;
• Tá sé níos mó ná dhá oiread an chostais a bhaineann le triomadóir rothlaim (tumble dryer) ar €1.30 in aghaidh na huaire;
• I gcodarsnacht leis sin, níor chosain teilifís LCD 42-orlach ach €0.04 in aghaidh na huaire le hoibriú;
• Cosnaíonn sé €0.43 in aghaidh na huaire inneall níocháin (washing machine) a chur ar siúl;
• Cosnaíonn miasniteoir (dishwasher) €0.65;
• Cosnaíonn lomaire faiche (lawnmower) leictreach€0.56 in aghaidh na huaire;
• Le haghaidh cócaireachta, is é €0.56 in aghaidh na huaire aerfhriochtóir (aer fryer);
• Cosnaíonn úsáid oigheann (ovan) €0.58 in aghaidh na huaire;
• Úsáideann oigheann micreathonnach (microwave) beagán níos mó fuinnimh ar €0.65;
• Cosnaíonn tóstaer €0.68 in aghaidh na huaire.
Ar ndóigh, is féidir coigilteas (saving) a dhéanamh ar bhealaí eile. Mar shampla, d’fhéadfadh go mbeadh oigheann micreathonnach (microwave) níos daoire ná oigheann (ovan) ach tá sé níos tapúla ionas gur féidir leat níos mó a shábháil san fhadtréimhse.
Chomh maith leis sin, mura dteastaíonn uait ach cithfholcadh, tá cúig nóiméad sa chith cumhachta (power shower) an rogha is saoire, ach más mian leat uisce te agus teas sa teach a bheith agat, beidh an tumthéitheoir (immersion heater) níos saoire.
Tá an taighde bunaithe ar an gcostas ráta aonaid de 37 cent ó 7 Deireadh Fómhair, 2022.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.