I bhfiacha agus ag streachailt chun billí a íoc? Tá sé níos éasca dul ar ais ar an mbóthar ceart ná mar a cheapann tú

Bí macánta, féadann sé a bheith fíor-mhíchompordach ag caint faoi airgeadas pearsanta agus billí, go háirithe má tá tú ag streachailt le rudaí a chur le chéile.

Is é seo an cás i gcás duine as gach triúr Éireannach atá ag mothú go mór faoi bhrú na géarchéime costais mhaireachtála, mar go bhfuil méadú ar bhillí tí, arduithe morgáiste, cíos ardleibhéil agus táillí cúram leanaí ag cuir isteach orthu.

Bíonn sé deacair a admháil go bhfuil cabhair uait, agus mar is eol d’aon duine a bhí riamh i bhfiacha, is féidir titim ar ais le na billí a bheith ina staid an-strusmhar a théann i bhfeidhm ar gach réimse den saol.

isi5

Is féidir le dócmhainneacht (Insolvency) – téarma eile ar fhiach – tionchar a imirt ar do mheabhairshláinte freisin, rud a fhágann go bhfuil ‘doom’ gan deireadh, imní, uaigneas, easpa dóchais agus náire ort, go háirithe nuair nach stopfaidh an fón ag glaoch ón an mbanc nó ón an tseirbhís soláthraithe ar an taobh eile den líne.

Mura mbíonn tú in ann billí a íoc ina n-iomláine nuair a bhíonn siad dlite, má íocann tú beagán as gach bille ag iarraidh creidiúnaithe (na daoine a bhfuil airgead agat dóibh) a choinneáil sásta, má tá tú ag fáil glaonna agus litreacha ó chreidiúnaithe faoi íocaíochtaí caillte nó bagairtí athshealbhaithe, nó má tá íobairtí pearsanta a dhéanamh agat chun do chuid fiacha a íoc, tá seans ann go mbeifeá dócmhainneach.

Más rud é go bhfuil sé seo cosúil leatsa, tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios agat nach bhfuil tú i d’aonar agus go bhfuil Insolvency Service of Ireland (ISI) anseo chun cabhrú leat, is cuma cén leibhéal fiachais atá agat.

ISI3 184322282

Comhlacht neamhspleách don rialtais is ea an ISI a oibríonn le daoine ó gach gné den saol chun cuidiú leo iad a chur ar ais chuig sócmhainneacht (solvency), fad is a cheadaíonn siad caighdeán maireachtála réasúnta sa phróiseas.

Oibríonn an ISI le daoine chun a chinntiú gur féidir leo fanacht ina dtithe agus iad ag obair chun fiacha a íoc, go deimhin, in 2022 amháin, bhí 808 socrú dócmhainneachta pearsanta i bhfeidhm ag an ISI a cheadaigh do dhaoine fanacht ina dteach teaghlaigh (má roghnaigh siad sin).

Léiríonn na meáin tuairisciú ar chásanna ardphróifíle. Mar sin féin, tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag daoine nach gnáth na cásanna ardphróifíle seo. Baineann dócmhainneacht phearsanta níos lú leis an méid atá agat agus níos mó faoin áit ina bhfuil tú anois agus cé mhéad is féidir leat a íoc chun d’fhiacha a ghlanadh.

Chun cabhrú leat a fháil ar ais ar an mbóthar ceart ó thaobh airgeadais de, tá líonra rialaithe de chomhairleoirí airgeadais (PIPanna) ag an ISI chun comhairle fiacha a sholáthar duit agus chun oibriú le do chreidiúnaithe ar do shon chun teacht ar réiteach duit.

ISIfeat 1401121869 1

Tá raon réitigh fiachais ag an ISI chun cabhrú leat ó thaobh airgeadais de. Tar éis comhairliúcháin (consultation), cuirfidh do PIP in iúl duit na réitigh is fearr a oireann duit.

Má tá do mhorgáiste i riaráistí (arrears) agat, d’fhéadfá a bheith incháilithe do chomhairliúchán SAOR IN AISCE le PIP faoi ‘Abhaile’, an scéim atá maoinithe ag an Stát a cuireadh ar bun chun cabhrú le daoine a bhfuil riaráistí morgáiste acu teacht ar chomhairle. Is féidir leat na PIPanna atá rannpháirteach sa scéim a fháil ar shuíomh Gréasáin an ISI www.backontrack.ie.

In ainneoin do imní is measa, tá dóchas timpeall an chúinne.

Agus tú ag obair le ceann de réitigh an ISI, tá tú i dteideal caighdeán áirithe maireachtála, a cheadaíonn costais mar bhia, éadaí, sláinte, earraí agus seirbhísí tí, cumarsáid, sóisialú, oideachas, iompar, fuinneamh tí, cúram leanaí agus árachas.

Tá an figiúr costais réasúnta seo níos airde ná an méid atá ag daoine i bhfiacha tromchúiseacha ag maireachtáil as, a chiallaíonn gur féidir leis an saol leanúint ar aghaidh gan mothú coimhthithe (alienated), sáinnithe nó ina n-aonar. Is féidir leat do chostais mhaireachtála a obair amach i gcúpla cliceáil tapa leis an Living Expenses Calculator ar www.backontrack.ie.

Íocfaidh tú méid comhaontaithe ar feadh ré do shocrú pearsanta agus, le linn an ama sin, beidh caighdeán maireachtála réasúnta agat.

ISI4

Is é an toradh atá air ná go bhféadfadh go mbeadh roinnt fiacha díscríofa agat agus go mbeifear in ann aon fhiach a bheidh fágtha a láimhseáil.

Tá réitigh ISI ina gceangal dlí, ní féidir leo athrú gan choinne agus cuireann siad cosaint ar fáil duit ó do chreidiúnaithe nach mbeidh in ann teagmháil a dhéanamh leat a thuilleadh nuair a bheidh tú i socrú.

Ciallaíonn sé sin nach mbeidh glaonna gutháin, litreacha nó cuairteanna, gan iarraidh, níos mó, rud a fhágann go mbeidh suaimhneas intinne ann.

Is féidir leat smacht a fháil ar do chás airgeadais inniu trí chuairt a thabhairt ar www.backontrack.ie áit a bhfuil cabhair agus tacaíocht ar fáil.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: Téacs urraithe

no posts found
© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram