Aimsir: Tirim don chuid is mó don deireach seachtain, de réir Met Éireann

An aimsir: Cad atá in ann dúinn? Le naisc (links) chuig nuashonruithe (updates) ar líne ó Met Éireann

An aimsir go ginearálta: Éadrom don am seo den bhliain le roinnt báisteach nó ceobhrán ach ar an iomlán beidh sé tirim.

An aimsir Dé hAoine

Beidh an Aoine tirim i bhformhór na gceantar le tréimhsí  geala nó grianmhara.

Cuirfidh báisteach agus ceobhrán isteach ar áiteanna san iarthar agus san iarthuaisceart, ag glanadh san iarnóin.

Beidh coinníollacha níos scamallaí ag teacht ón deisceart i rith an lae agus beidh paistí ceo agus ceobhráin gar do chóstaí an deiscirt. Teochtaí is airde de 9 go 12 céim le gaotha measartha úr ó dheas ó am go ham.

Oíche Aoine: Tirim agus scamallach don chuid is mó gan ach roinnt paistí ceo agus ceobhráin ann. An teocht is ísle idir 4 agus 8 gcéim i ngaoth measartha úr ó dheas.

An aimsir Dé Sathairn

Scamallach ar maidin le cúpla braon ceo agus ceobhráin. Brisfidh roinnt tréimhsí grianmhara amach san iarnóin.

Tá seans ann go dtiocfaidh ráigeanna báistí isteach i gcodanna den iardheisceart agus san iarthar níos déanaí sa tráthnóna.

Teocht is airde de 9 go 12 céim le gaotha measartha úr ó am go chéile.

Oíche Shathairn: Meascán de scamall agus tréimhsí  geala le ráigeanna báistí ag bogadh isteach go mall ón iarthar thar cuid mhór de Chúige Mumhan, Chonnacht agus iarthar Uladh.

Níos tirime agus níos soiléire níos faide soir, áfach, le roinnt spotaí ceobhráin.

An teocht is ísle de 5 go 9 gcéim go ginearálta le gaotha measartha ó dheas.

An aimsir Dé Domhnaigh

Tá roinnt éiginnteachta maidir leis ach leanfaidh ráigeanna báistí ag bogadh go mall soir, ag glanadh ó leath thiar na tíre tráthnóna le tréimhsí grianmhara agus roinnt ceathanna ina dhiaidh.

Teochtaí is airde de 8 go 12 céim le gaotha éadrom go measartha ó dheas den chuid is mó.

Oíche Dhomhnaigh: Glanfaidh an chuid dheireanach den bháisteach go luath san oíche le tréimhsí  soiléire agus roinnt ceathanna ina dhiaidh. An teocht is ísle idir 4 agus 8 gcéim i ngaoth éadrom go measartha gaoithe thiar theas.

Dé Luain

Tréimhsí  grianmhara le cúpla cith ar dtús. De réir a chéile tógfaidh scamall ón iardheisceart le cúpla spota de bháisteach éadrom nó ceobhrán. Teochtaí is airde de 8 go 11 céim le gaotha measartha siar ó dheas.

Foclóir aimsire

Réamhaisnéis na haimsire = Weather forecast

Drochaimsir = Bad weather 

Báisteach = Rain

Ceo = Fog

Ceobhráin = Mist or drizzle

Brádán báistí = Drizzle

Múraíl báistí = Showers of rain

Sneachta = Snow

Flithshneachta = Sleet

Clocha sneachta = Hailstones

Faoi bhun an reophointe = Freezing

Sioc = Frost

Tréimhsí Gréine = Sunny spells

Ráigeannaí báistí = Bursts of rain

An ghaoth aduaidh = The wind from the north

An ghaoth aneas = The wind from the south

An ghaoth aniar = The wind from the west

An ghaoth anoir = The wind from the east

An ghaoth aniar aduaidh = The wind from the northwest 

An ghaoth aniar aneas = The wind from the southwest


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram