Tá Tradfest ag teacht – le mná chun cinn agus ‘suburban buzz’

15/01/2025

Tá na réaltaí ag teacht ar ais go Baile Átha Cliath le haghaidh Tradfest. Seo an t-eolas atá uait

Cuirfear tús le Tradfest i mBaile Átha Cliath ar an 22 Eanáir, agus i mbliana beidh sé ag scaipeadh, le himeachtaí i gceantair ar fud an chontae.

Agus mar a bhíonn i gcónaí leis an Tradfest i mBaile Átha Cliath beidh ról lárnach ag ceoltóirí ban.

Beidh Macalla ag seinm ag Teampall an Phiobaráin (Pepper Canister Church) i rith Tradfest
Beidh Macalla ag seinm ag Teampall an Phiobaráin (Pepper Canister Church) i rith Tradfest

Beidh ról mór ag Macalla, an banna le níos mó ná scór ban a tháinig le chéile den chéad uair ag an Dublin Folk Festival ar Lá Idirnáisiúnta na mBan i 1984.

Theastaigh uathu a léiriú don saol mór an cumas agus an réimse ceoil a bhí ag mná ach ardán a fháil.

Agus anuraidh tháinig siad féin agus a gcuid iníonacha le chéile arís le haghaidh Lá Idirnáisiúnta na mBan sa Sugar Club.

I mbliana, mar chuid de Tradfest, beidh Macalla ag seinm ag Teampall an Phiobaráin (Pepper Canister Church), i gcathair Bhaile Átha Cliath, ar 26 Eanáir ag 6pm, agus beidh ticéid ar díol ag tradfest.com Cliceáil ANSEO.

Chomh maith leis sin, d’oibrigh TradFest le roinnt blianta anuas chun leanúint ar aghaidh ag cur le líon na n-ealaíontóirí baineann san fhéile.

I mbliana, arís eile, tá liosta an-láidir d’ealaíontóirí baineanna ag glacadh páirte, lena n-áirítear roinnt imeachtaí a eagraítear go speisialta.

Peggy Seeger.
Peggy Seeger
  • Beidh Women of Note in Ardeaglais Naomh Pádraig, á cur i láthair ag Aoife Scott, le roinnt ealaíontóirí ban aitheanta lena n-áirítear Peggy Seeger.
  • Is í Mairéad Ní Mhaonaigh a bheidh á léiriú Transatlantic Women, agus beidh Maura O’Connell, Julie Fowlis, Muireann Nic Amhlaoibh agus String Sisters, Tríona Ni Dhomhnaill, Aisling Jarvis, Caoimhe Hopkins agus Edwina Guckian ann.

Eagrófar go leor de na himeachtaí móra Tradfest lasmuigh den chathair freisin i gceantair ar nós Cluain Dolcáin (Clondalkin), Tamhlacht (Tallaght), Ráth Cúil (Rathcoole), Fine Gall (Fingal), Dún Laoghaire agus go leor ceantair eile.

Tradfest 01.2025 400x555 1

Mar shampla, seo iad na réaltaí a bheidh ar stáitse i sráidbhaile Chluain Dolcáin ó Dhéardaoin 23 Eanáir go Domhnach 26:

  • Déardaoin  – Peggy Seeger i gComhrá 8.30pm – Áras Chrónáin
  • Dé hAoine– Louise Kelly (Cláirseach) 7.00p.m. – Brú Chrónáin
  • Dé hAoine– Ralph McTell i gComhrá 8.30p.m. – Áras Chrónáin
  • Dé Sathairn– Daoirí Farrell 1.00p.m. – Áras Chrónáin
  • Dé Sathairn  – Lorcan Mac Mathuna & Martin Tourish 7.00p.m. – Brú Chrónáin
  • Dé Sathairn  – Padraig Jack & Cnuas 8.30p.m. – Áras Chrónáin
  • Domhnach  – Phelim Drew (amhráin Ronnie Drews) 4.00p.m. – Áras Chrónáin

I bhFine Gall, ag ionad nua, The Lark Concert Hall, Sráid an Teampaill, Baile Brigín (Church St in Balbriggan) beidh ceiliúradh ceithre lá ar shaothar an t-aisteoir, Stephen Rea, ó 22 go 25 Eanáir.

Stephen Rea
Stephen Rea

I dteannta Stephen thar na ceithre oíche beidh an file Paul Muldoon agus Felispeaks, an t-aisteoir aitheanta Sinead Cusack, na ceoltóirí Neil Martin, Louise Mulcahy, Michelle Mulcahy, Matt Molloy, Maighread Ní Dhomnaill, Paddy Glackin agus Derek Hickey.

Agus tabharfaidh an Abbey Tavern i mBinn Éadair (Howth) ómós do Barney McKenna nach maireann freisin.

Seo liosta de chuid de na healaíontóirí:

The Scratch, Stockton’s Wing Mairéad Ní Mhaonaigh, Moya Brennan, Maura O’Connell, Julie Fowlis, Muireann Nic Amhlaoibh, Frankie Gavin & De Dannan, Biird, Aoife Scott, Peggy Seeger, Carsie Blanton, Clare Sands, Ralph McTell, Eric Bibb, Muireann Bradley, Kíla, Wallis Bird, Lindisfarne, Martin Simpson, Scullion, Sean Keáne, Eleanor McEvoy, George Murphy & The Rising Sons, Caoimhín Ó Raghallaigh, Karan Casey, Niamh Dunne & Seán óg Graham, Phelim Drew, Sharyn Ward, Lisa Lambe, Mick Hanly, Steo Wall, Kieran Goss, Tara Breen, The Henry Girls, Toshín, The Pride Géilí Band, Louise Mulcahy, Michelle Mulcahy, Katie Theasby, Muireann Bradley, Declan Sinnott, Farah Elle, Macdara Yeates, Eleanor Shanley & Mike Hanrahan, Emma Langford, John Feely & Fran O’Rourke, Bernadette Nic Gabhann, String Sisters, Brídín, Cuas & Padraig Jack, Systir, Phelim Drew, Laoise Kelly, Daoirí Farrell, Liz agus Yvonne Kane le John Blake, Macalla, Yankari & Ines Khai, Dug, Landless, Varo, Eoghan Ó Ceannabháin, Edwina Guckian, Elaine Reilly, Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta.

Tá ticéid agus eolas ar fáil ag tradfest.com. CLICEÁIL ANSEO


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram