

Reachtálfar Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach 2025 in Amharclann GB Shaw/Ionad Ealaíne VISUAL, Ceatharlach oíche Shathairn, 25 Eanáir ag 8pm.
As breis is 30 iarratas san iomlán a cuireadh isteach don chomórtas Pan Cheilteach i mbliana, tá 15 amhrán roghnaithe le bheith páirteach sa chraobh bheo.

Ar na hamhráin ar an ngearrliosta tá cinn ó cheann ceann na tíre ó Chonamara, Gaillimh, Dún na nGall, Baile Átha Cliath, An Clár, Muigh Eo, Ceatharlach, Loch Garman agus Cill Chainnigh.
Cuirfear na hamhráin i láthair beo ar stáitse ar an 25 Eanáir san Amharclann i gCeatharlach os comhair triúr moltóir agus lucht féachana.
Siad na moltóirí i mbliana don chomórtas Pan Cheilteach ná an t-amhránaí agus cumadóir John Spillane, láithreoir leis an raidió Kclr96fm Shannon Redmond agus an pearsa teilifíse agus láithreoir le Today FM Louise Cantillon.
Measfar na hamhráin ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an cur i láthair.
Mar is gnách beidh an ceoltóir Ollie Hennessy ina stiúrthóir ceoil ar an gcomórtas Pan Cheilteach.

Bronnfar trí dhuais ar an oíche. Bronnfar duais airgid €1,000 móide an trófaí náisiúnta ar chumadóir an amhráin a thiocfaidh sa chéad áit.
Le sin rachaidh an t-amhrán ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2025 a bheidh ar siúl i gCeatharlach um Cháisc.
Bronnfar duais airgid €200 don amhrán sa dara háit agus
€100 don cheann a thiocfaidh sa tríú háit.
Is i gCeatharlach um Cháisc a bheidh an t-amhrán buacach in iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta nua-chumtha eile roghnaithe ag Albain (Scotland), an Bhreatain Bheag (Wales), Oileán Mhanainn (Isle of Man), an Choirn (Cornwall) agus an Bhriotáin (Brittany).
Beidh siad go léir ag súil le trófaí idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2025 agus príomhdhuais na féile €1,500 a thabhairt leo.
Osclófar na doirse ag 7pm agus cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ag 8pm.
Is féidir ticéid ar €15 a chur in áirithe ag boxoffice@visualcarlow.ie nó 059 9172400 agus is féidir íoc ag an doras ar an oíche chomh maith.

1. Damian Mac Gabhann. ‘Aodhla’. Baile Átha Cliath
2. Áine Durkin. ‘Fágtha gan Freagraí’. Conamara/Dún na nGall
3. Oisín MacCinnéide + mic léinn ‘B’fhéidir gur Féidir’. GC Ceatharlach
4. Tony Dunne. ‘Mise Á Rá Leat’. Baile Átha Cliath
5. Paul Kelly. ‘Ciall agus Réasún’. Baile Átha Cliath
6. Fergal Canton. ‘Banríon Mór Ríoga’. Cill Chainnigh
7. MJ Mac Pháidín. ‘Ag Fágáil Thú’. Dún na nGall
8. Aine Máire Ní Chonchobhair. ‘Féileacán’. An Spidéal, Conamara
9. Emer O’Flaherty. ‘Stáisiún Traenach’. An Clár
10. Paul Byrne. ‘An Biorán 3 Dhath’. Baile Átha Cliath
11. Éire & Chulainn Ó Faoláin. ‘An Gealbhan’. Loch Garman (Wexford)
12. Shea Tomkins. ‘An Áit is Sona’. Loch Garman
13. Alanagh Ní Ghríofa. ‘Caill Sé Féin’. Conamara
14. Sharon Ní Chuilbín. ‘Amhrán na dTonn’. Maigh Eo
15. Caitríona Lane. ‘Ar an Trá Thall’. Co. na Gaillimhe.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.