

Fuair beagán níos lú ná 2,500 duine bás in Éirinn anuraidh de bharr tréimhsí fada feithimh i Roinn Éigeandála, a léiríonn anailís a rinne saineolaí mór le rá.
Is figiúr ‘an-choimeádach’ é sin a dúirt Stephen Black, a chomh-scríobh staidéar fairsing don British Medical Journal ar an tionchar a bhíonn ag tréimhsí fada feithimh sa rannóg éigeandála.

Léiríonn sé go bhfuair 48 duine ar an meán bás roimh am in ospidéil na hÉireann gach seachtain in 2024, in ainneoin gealltanais an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) dul i ngleic le plódú (overcrowding) in ospidéil.
Ina anailís ar bhásanna de bharr plódú, dúirt Stephen Black go bhfuil figiúirí an HSE don bhliain seo caite ‘coimeádach’ agus fuair timpeall 2,477 duine bás roimh am.
Dúirt Black, arb as Béal Feirste dó, go bhfuil staidéar feicthe aige, nach bhfuil foilsithe go fóill, ina bhfuil níos mó sonraí fós, a thugann le tuiscint go raibh rudaí ‘is dócha i bhfad níos measa ná mar a cheapamar ar dtús’.
Dheimhnigh an HSE gur ligeadh isteach san ospidéal 406,223 duine a d’fhreastail ar rannóg éigeandála anuraidh, le ham feithimh de 8.32 uair.
Agus léiríonn figiúirí a chuir HSE ar fáil an deireadh seachtaine seo go bhfuil daoine leochaileacha os cionn 75 bliain d’aois tar éis fanacht 3.5 uair níos faide ar an meán ná daoine eile an geimhreadh seo.
Tá líon na mbásanna roimh am mar gheall ar mhoilleanna (delays) i bhfad níos airde ná an 1,500 bás measta in aghaidh na bliana mar gheall ar mhí-úsáid alcóil.
Tá sé 14 oiread níos airde ná an 174 duine a chaill a mbeatha ar na bóithre anuraidh.
Is íospartach amháin í Aoife Johnston, a bhí 16 bliana d’aois, agus dhá bhliain i ndiaidh a báis in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach (UHL), tá a teaghlach fós ag iarraidh fiosrúchán poiblí faoin tragóid.
Glacadh Aoife an 17 Nollaig, 2022, le litir ó dhochtúir teaghlaigh a raibh amhras faoi mheiningíteas air. Fágadh ag fanacht léi uaireanta sula bhfuair sí cógas a d’fhéadfadh a saol a shábháil.
Fuair Aoife bás dhá lá ina dhiaidh sin ar an 19 Nollaig tar éis di sepsis a bhain le meiningíteas a fháil.
Tá fiosrúchán ginearálta iarrtha ag comhbhunaitheoir Chumann Othair na hÉireann (Irish Patient’s Association, IPA) Stephen McMahon. Labhair sé faoin ‘aird’ a thugtar ‘i gceart’ ar bhásanna ar na bóithre.
Ba cheart an aird chéanna a thabhairt, áfach, ar na básanna de bharr plódú Roinn Éigeandála, agus d’éiligh sé go ndéanfaí ‘imscrúdú tromchúiseach’ ar an tionchar atá ag am feithimh i ranna éigeandála na hÉireann.
Dúirt sé: ‘Níl ár staidéar féin ar Éirinn déanta ar na rátaí mortlaíochta atá ann de bharr na dtréimhsí fada ama.’
Tagann líon na mbásanna de bharr plódaithe ag an am céanna ar mhéadaigh buiséad an HSE 4.6% in 2024 go €23.5bn.
Dúirt urlabhraí sláinte de chuid Shinn Féin David Cullinane go bhfuil a fhios againn ón bhfianaise idirnáisiúnta gur measa an plódú is ea is mó básanna roimh am a bheidh ann.

Dúirt sé: ‘Tá cuid de na cásanna ardphróifíle sin feicthe againn le tamall anuas, ach is léir go bhfuil básanna eile ann nach dtuairiscítear ar an mbealach céanna.’
Mar fhreagra ar fhiosrúcháin, dúirt an HSE go bhfuil feabhas tagtha ar líon plódaithe na Roinne Éigeandála ón mbliain seo caite.
Dúradh go raibh ardú 8.1% ar an líon daoine a tháinig chuig ranna éigeandála i mbliana agus méadú 7.2% ar na daoine a ligeadh isteach.
Dúirt urlabhraí gurb é 58,168 líon na n-othar a bhí ag fanacht níos faide ná 24 uair an chloig, laghdú 5.5% ar an mbliain roimhe sin.
As seo, bhí 17,608 othar 75 bliana d’aois nó níos sine a d’fhan níos mó ná 24 uair an chloig – sin laghdú 4.4% ar an mbliain roimhe sin.
Mar sin féin, d’admhaigh an t-urlabhraí ‘go bhfuil an líon seo ró-ard fós’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.