Síorstíl: Clár nua ar TG4 – Fan ‘trendy’ ar chostas cúpla pingin

09/01/2025

Léiríonn Síorstíl an chaoi gur féidir linn faisin nua a bhunú agus ní gá go gcosnódh sé an domhan mór, go litriúil!

Síorstíl ar TG4, Dé Céadaoin, 15 Eanáir, 8.30pm. Tá sé éasca go leor do na celebs a bheith ‘trendy’ le neart ‘dosh’ –  ach cad faoin gcuid eile againn.

Múinfidh an clár iomarcach is déanaí de chuid TG4, Síorstíl, conas muid féin a chur amach ansin i stíl, agus gan mórán airgid a chaitheamh.

Is í Sinéad Ní Uallacháin a chuirfidh an tsraith Síorstíl i láthair
Is í Sinéad Ní Uallacháin a chuirfidh an tsraith Síorstíl i láthair

Is comórtas ceannródaíoch faisin é Síorstíl, ina gcuirfear dúshlán ar sheisear dearthóir cumasacha sárshaothair ardfhaiseanta a dhéanamh d’ábhar dara láimhe agus athchúrsáilte.

Is í Sinéad Ní Uallacháin a chuirfidh an tsraith Síorstíl i láthair agus is iad Moya Doogan agus Rónán Ó Dálaigh a bheidh ina moltóirí.

Tá níos mó i gceist le Síorstíl seachas comórtas, áfach, is gluaiseacht atá ann ina gcuirfear iallach orainn smaoineamh arís ar an gcur chuige atá againn i leith cúrsaí faisin i ndomhan nua-aimseartha.

Tabharfaidh na hiomaitheoirí i Síorstíl aghaidh ar dhúshláin éagsúla dearaidh i ngach clár a thástálfaidh na scileanna atá acu i gcúrsaí inbhuanaitheachta, nuálaíochta agus stíle.

Sexy Tadhg Griffin
Sexy Tadhg Griffin

Bronnfar an duais mhór ar an dearthóir is fearr a thaispeánann conas sean-éadaí a iompú isteach i rud éigin le stíl, agus ag an am céanna a thaispeánann an bua cruthaitheach a theastaíonn chun éadaí ardfhaiseanta a chruthú.

Beidh aoi-mholtóir a bhfuil ceangal acu leis an dúshlán i dteannta an ghnáthphainéil moltóirí ar gach clár.

Áirítear orthu sin daoine mór le rá amhail Ciara Ní É, Bláthnaid O’Donoghue, Sexy Tadhg Griffin, Jade Pepper, Don O’Neill, agus Fionnuala Jay.

Cuirfear tús leis an gcéad chlár den tsraith ar an 15 Eanáir agus tabharfaidh na dearthóirí faoi dhúshlán ina gcaithfidh siad feisteas atá in oiriúint do na treochtaí faisin is déanaí a chruthú as nithe a bhí fágtha ina ndiaidh ag daoine ag láithreán campála ag féile cheoil, nithe ar nós málaí codlata agus campaí.

As sin, tabharfaidh na hiomaitheoirí faoi dhúshláin nua gach seachtain ina gcuirfear tástáil ar a gcumas an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh as ábhair a bhíonn in úsáid againn gach lá a athshamhlú.

Ó fheistis a d’fheilfeadh do lucht draig go dtí feistis a bheadh oiriúnach don chairpéad dearg, níl deireadh ar bith leis na deiseanna.

Bláthnaid O’Donoghue
Bláthnaid O’Donoghue

Cuirfidh Síorstíl duais ar fáil a fheabhsóidh gairm an bhuaiteora, duais atá urraithe ag trí dhream: eBay, Thriftify, agus an Oifig Fiontair Áitiúil.

Cuirfidh eBay, le cúnamh ó Vision Ireland, feistis ar fáil do na láithreoirí Sinéad, Moya, agus Rónán freisin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram