

Ní bheidh iarbhainisteoir Dhoire, Rory Gallagher, ag fáil ról cóitseála le foireann peile CLG, Nás na Ríoga.
Tuairiscíodh go mbeadh sé ag dul go dtí an club i gCill Dara ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé sin athraithe anois.
Ar an Luan, dúirt urlabhraí de chuid an chlub: ‘Níl Rory Gallagher anois mar chuid d’fhoireann sinsear traenála agus bainistíochta peile an Náis.’

De réir tuairisce san Irish Examiner tháinig feidhmeannach an chlub le chéile oíche Dhomhnaigh chun a cheapachán beartaithe a phlé.
Deir an tuairisc san Examiner gur tháinig sé seo tar éis idirghabháil a rinne uachtarán CLG, Jarlath Burns.
Rinne baill den phobal cáineadh freisin ar an gceapachán a bhí beartaithe, lena n-áirítear glaonna ar líne le haghaidh tiomsaithe airgid club a bhaghcat agus ballraíocht a tharraingt siar.
D’éirigh Gallagher as mar bhainisteoir Dhoire, laethanta roimh chluiche ceannais Uladh in 2023, tar éis dá bhean chéile Nicola líomhaintí a dhéanamh faoi dhrochíde bhaile (domestic abuse).
Bhí imscrúdú ag an PSNI ach níor cuireadh aon chúiseamh ina aghaidh.
D’fhill Gallagher ar an CLG ina dhiaidh sin nuair a thosaigh sé ag traenáil fhoireann chlub Mhuineacháin (Monaghan), Corr Dubh (Corduff).
I mí Mheán Fómhair na bliana seo caite, léirigh sé go soiléir go raibh sé ar intinn aige filleadh ar an mbainistíocht idirchontae.
De réir ráiteas a eisíodh trína fhoireann dlí: ‘Go simplí, níl aon bhac dlíthiúil ar ár gcliant filleadh ar bhainistíocht CLG idirchontae.
‘Go deimhin, tá sé ar intinn ag ár gcliant filleadh ar an mbainistíocht idirchontae go luath amach anseo.’
Bhí Gallagher, atá 46 bliain d’aois, ag traenáil club le Corr Dhubh.
I mí Feabhra na bliana seo caite, d’éirigh leis in aghaidh ordú urchoisc (barring order) sealadach a rinne Comhairle Uladh ina choinne.

Nuair a thug Gallagher le fios go raibh sé ar fáil le filleadh ar bhainistíocht peile i mí Mheán Fómhair tugadh tacaíocht dó ón taobh istigh de Bhord Contae Dhoire (Derry).
Níor tairgeadh post dó áfach agus ceapadh iar-chóitseálaí Chiarraí Paddy Tally ar ball i mí na Samhna.
Sular chaith sé seal le Doire, bhí sealanna ag Gallagher i gceannas ar Dhún na nGall (Donegal) agus Fhear Manach (Fermanagh) ag leibhéal sinsearach idirchontae.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.