

Ag na Golden Globes tá gradam buaite ag Colin Farrell as a ról in The Penguin.
Ach don lucht féachana bhuaigh sé an duais is fearr as a óráid ghlactha ghreannmhar.
Ainmníodh Farrell agus Andrew Scott, a raibh i Ripley, sa ghrúpa céanna.

Ag labhairt dó agus é ag glacadh lena ghradam ag an Beverly Hilton i Beverly Hills, i gCalifornia, dúirt Farrell, le gáire, nach raibh ‘aon duine le buíochas a ghabháil leis ar an gceann seo – is mé féin a rinne é!’
Ach bhí sé ag magadh faoin obair a dhéanadh leis sa ról.
‘Tá a fhios agaibh go léir go dtógann sé sráidbhaile (it takes a village),’ ar seisean.
Lean sé ar aghaidh ag insint do lucht féachana na Golden Globe gur chaith sé trí huaire an chloig sa chathaoir smidiú (make-up) gach lá ar a ról in The Penguin.
Dúirt sé freisin go mbeadh próstéitic á úsáid aige ‘as seo amach’.
Dúirt sé le lucht féachana na ngradam Golden Globe: ‘Ar maidin, d’ól mé caife dubh, d’éist mé le ceol na 1980í, agus rinneadh canbhás dom d’fhoireann iontach ealaíontóirí smidiú sin.’
Ghabh sé buíochas freisin le comhainmní Éireannach Scott. Dúirt sé go ndearna sé féin agus Scott a gcéad scannán le chéile 25 bliain ó shin.
Drinking Crude a thugtaí air, a dúirt sé leis an lucht féachana – ach ní féidir é a fháil áit ar bith anois!
‘Ní féidir leat é a fháil fiú ar Betamax,’ a dúirt sé. ‘Níl sé ann. Ach téann muid siar chomh fada sin.’
Is é seo an tríú bua ag Farrell ar Golden Globe, tar éis dó an bua a fháil roimhe seo as a chuid léirithe in The Banshees of Inisherin agus In Bruges.
Ba iad na buaiteoirí móra Golden Globe ar an oíche ná Shōgun le ceithre cinn agus an scannán Emilia Pérez le ceithre cinn friesin.
Ainmníodh an dráma stairiúil Shōgun mar an tSraith Theilifíse is Fearr – Dráma, le gradaim aisteoireachta do na réaltaí Anna Sawai, Hiroyuki Sanada agus Tadanobu Asano.
Roghnaíonn 334 iriseoir siamsaíochta ó 85 tír buaiteoirí an Golden Globe.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.