

Seans nach dtógfar na mílte teach nua atá geallta ag an Rialtas sna cúig bliana amach romhainn mar nach bhfuil go leor uisce ann, a deir Uisce Éireann.
Dúirt an comhlacht uisce go dteastaíonn €1.7 billiún breise uathu nó nach féidir leo an jab a chríochnú.
In ainneoin go bhfuil an Rialtas ag díriú ar 50,000 teach nua, ar an meán, in aghaidh na bliana, ní féidir l’Uisce Éireann ach 35,000 teach nua a sholáthar in aghaidh na bliana as seo go ceann cúig bliana, a dúirt ceannasaí an chomhlachta uisce.
Dúirt Niall Gleeson: ‘Tá muid i mbun cainteanna leis an Rialtas faoi mhaoiniú breise, suas le €1.7 billiún, chun muid a fháil ó na 35,000 go 50,000 teach.

‘Ní mór an €1.7 billiún sin a bheith ar fáil do chláir fháis. Mura bhfaighimid an maoiniú, ní bheidh muid in ann an leibhéal sin tithíochta a sholáthar. Tá sé sin cinnte.
‘Ach is dócha gurb é ceann de na pointí is tábhachtaí ná nach Uisce Éireann amháin é; ní mór aonáin eile a bheith páirteach sna próisis seo.’
I mí Lúnasa, i nDún Mánmhaí (Dunmanway), Co. Chorcaí, cuireadh stop le hiarratais phleanála do 126 teach toisc nach raibh aon acmhainn cóireála uisce ag an ionad fuíolluisce in aice láimhe. Tuairiscítear go bhfuil uasghrádaithe ar bhonneagar cúig bliana amach romhainn.
I mí Dheireadh Fómhair, diúltaíodh cead pleanála do níos mó ná 500 teach in aice le Dún Dealgan toisc nach raibh Uisce Éireann in ann córas cóireála fuíolluisce éifeachtach a chur ar fáil, a dúirt TD Lú Ruairí Ó Murchu.
Dhiúltaigh an Bord Pleanála an t-iarratas ar 502 teach i mBaile Hagard, Co. Lú, mar gheall ar imní faoin ‘easnamh atá ann faoi láthair in acmhainn na n-áiseanna séarachais’ ag stáisiún pumpála Bhóthar an Chóibh nach ndéanfaí a shocrú go dtí 2027, de réir Uisce Éireann.
Dúirt an tUasal Gleeson freisin gur diúltaíodh do na céadta aonad tithíochta de bharr soláthairtí teoranta.
Dúirt an feachtasóir tithíochta David Hall, ó Eagraíocht Sealbhóirí Morgáiste na hÉireann (Irish Mortgage Holders Organisation): ‘Is díol suntais é gurb í an phríomhmhír a bhí le breithniú le linn an olltoghcháin is déanaí ná tithíocht agus fós féin níor méadaíodh an t-infreastruchtúr riamh ionas go bhféadfaí é a bhaint amach.’
Dúirt an tUasal Hall go bhfuil eolas aige ar shé aonad tithíochta sóisialta i mBaile Átha Cliath atá tógtha ach atá fós dícheangailte le huisce.

Dúirt stiúrthóir tithíochta Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta (Construction Industry Federation), Connor O’Connell: ‘Ní aon ionadh é na figiúirí.
‘Tá sé ráite againn go seasta go bhfuil gá le méadú suntasach ar an maoiniú don bhonneagar uisce agus fuíolluisce má táimid chun ár spriocanna tithíochta de 50,000 ar a laghad in aghaidh na bliana a bhaint amach.’
Cé go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas 303,000 teach nua a thógáil ar fud an Stáit faoi 2030, gearrann fadhb an uisce an figiúr sin faoi 75,000.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.