Chris O’Dowd agus a bhean chéile Dawn: Scéal grá LA

12/12/2024

Tá Chris O’Dowd agus Dawn O’Porter pósta agus ina gcónaí in LA le 14 bliana anuas … ach tá a ndóthain de LA faighte acu

Tugann siad La La Land air, ar chúis mhaith – agus tá Chris O’Dowd agus a bhean Dawn O’Porter tar éis labhairt faoin eachtra aisteach ba chúis leo teach le chéile i Los Angeles.

Tá an t-aisteoir Éireannach agus an láithreoir teilifíse Sasanach, an bheirt acu 45 bliain d’aois, pósta go sona sásta ó 2012.

D’admhaigh siad, áfach, gur bhuail siad le chéile i mbealach aisteach.

Chris O’Dowd agus Dawn O’Porter
Chris O’Dowd agus Dawn O’Porter

Bhí an lánúin le cloisteáil ar an bpodchraoladh Table Manners agus mheabhraigh siad a gcéad chruinniú ag cóisir lá breithe Dawn i Los Angeles i 2009, nuair a bhí sí 30 bliain d’aois.

Ag labhairt di ar an seó, mhínigh Dawn: ‘Bhí an bheirt againn inár gcónaí amuigh in LA ach ní raibh muid le chéile.

‘Bhí mé amuigh ansin ar feadh bliana, agus bhí cóisir agam.

‘Thug mo chara stiúideo Pilates ar iasacht dom le haghaidh mo chóisir lá breithe 30 bliain, mar is é sin an sórt rud a dhéanann tú in LA le haghaidh cóisir.’

Dúirt Dawn: ‘Bhí Chris tar éis é féin a chur in aithne dom ar Facebook, go haisteach, sa tréimhse roimh an gcóisir seo.

‘Ar seisean liom, “Ar mhaith leat dul ag babhláil (bowling)?” Agus dúirt mé, “Níor mhaith, ach tá mo 30ú breithlá agam anocht, mar sin tar leat ann, agus tabhair leat do chairde go léir ann freisin.”’

Dúirt Chris: ‘Bhí mé ag teacht anonn go LA, agus ní raibh aithne agam ar aon duine ann i ndáiríre.

‘Mar sin d’fhiafraigh mé de mo chara a bhí ina aisteoir freisin, Nick Frost, an raibh aithne aige ar aon duine sa bhaile sin ag an am.

Dawnoporter

‘Agus dúirt sé, “Ó, ba cheart duit bualadh le Dawn. Tá aithne agam ar Dawn agus is craic iontach í.’

Bhog an lánúin go dtí an Bhreatain le déanaí lena bpáistí tar éis cónaí i Meiriceá ar feadh 16 bliana.

Nuair a fiafraíodh di cén fáth ar shocraigh siad bogadh amach as Meiriceá, dúirt Dawn: ‘Theastaigh uainn a bheith níos gaire don teaghlach.’

Dúirt sí freisin, áfach, go bhfuil imní orthu faoi dhlíthe gunna Mheiriceá.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram