Kelleher agus Bradley, laochra na hÉireann ar stáitse na hEorpa

Bhí Caoimhín Kelleher agus Conor Bradley ina mbuaiteoirí an tseachtain seo, am ar theip ar laochra ar nós Mbappé agus Salah. Go híorónta, imríonn na peileadóirí óga na hÉireann seo don fhoireann chéanna sa Phríomhshraith (Premier League)i Sasana ach do dhá fhoireann agus iad ag imirt peil idirnáisiúnta d’Éirinn

Le Conor Bradley agus Caoimhín Kelleher tá Learpholl mar ríthe ar an Eoraip tar éis dóibh an bua a fháil ar Real Madrid – agus i gcroílár an bua sin bhí an bheirt imreoir óga as Éirinn a imríonn d’Éirinn ach ní don fhoireann chéanna.

Shábháil Caoimhín Kelleher as Corcaigh chic éirice ó Kylian Mbappé, atá aitheanta mar an tosach is fearr san Eoraip faoi láthair.

Agus chuir Conor Bradley as Tír Eoghain stop le Mbappé ó bheith gníomhach ar an bpáirc.

Go híorónta, cé gur réaltaí idirnáisiúnta d’Éirinn iad Conor agus Caoimhín, imríonn Kelleher don Phoblacht agus imríonn Bradley don Tuaisceart.

Conor Bradley
Conor Bradley

Tír bheag amháin, dhá fhoireann idirnáisiúnta.

Chomh maith leis sin, nuair a imríonn Learpholl a gcluiche is tábhachtaí den Phríomhshraith (Premier League) – in aghaidh Manchester City ar an Domhnach – ní mheastar go dtosóidh Kelleher agus Bradley mar is imreoirí ionaid (replacement) iad an bheirt.

Seans nach mbeidh scileanna iontacha Kelleher, a thaispeáin sé sa bhua 2-0 in aghaidh Real Madrid, in úsáid i gcoinne City mar tá cúl báire Learpholl Allison Becker feabhsaithe óna ghortú.

Ní raibh faitíos ar bith ar Kelleher aghaidh a thabhairt ar Mbappé don chic éirice.

Nuair a cuireadh ceist air, dúirt sé ina dhiaidh: ‘Dar liomsa, ní fhéachaim ar an imreoir.

‘Ar ndóigh, bhraith mé muiníneach, shábháil mé dhá cheann le seachtain nó dhó anuas, agus le buíochas chuaigh mé ar an mbealach ceart arís.

‘Is toradh mór é. Cluiche ollmhór a bhí ann dúinn, is léir go bhfuair siad an ceann is fearr orainn le cúpla uair anuas i Sraith na Seaimpíní agus mar sin bhí muid ag iarraidh teacht amach anseo agus léiriú a chur ar siúl agus shíl mé go ndearna na leaids an-mhaith.’

Agus cúl báire céadrogha an bhainisteora Arne Slot Alisson Becker ag druidim le filleadh ar aclaíocht, tuigeann Kelleher go bhfuil a chuid ama sa chéad fhoireann i Learpholl ag druidim chun deiridh.

Seans nach mbeidh Slot ag iarraidh go dtosódh Alisson ar ais i gcluiche mór agus mar sin beidh Kelleher réidh má éiríonn leis tosú Dé Domhnaigh.

Dúirt sé: ‘Ceapaim go bhfuil muinín ard laistigh den scuad iomlán ach tá aithne againn ar Man City, ní raibh siad ar an rith is fearr faoi láthair, ach is foireann iad.

‘Mar sin táimid chun a bheith ag súil le triail an-chrua arís agus tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag buachan sa tsraith freisin chun an bhearna sin a choinneáil.’

Dúirt Slot go raibh sé ag súil go mbeadh Mbappé agus Mo Salah araon –a theip le cic éirice freisin – in ann scór a fháil.’

Dúirt Slot faoi Kelleher: ‘Sin cás eile ina raibh sé ar fheabhas.

‘Tá rud iontach déanta aige dúinne, díreach mar a rinne ár gcúl báire eile, ach rinne sé go hiontach inniu.’

Bhí Slot soiléir i gcónaí go bhfuil Kelleher sa dara háit le Alisson, a bhí ar an mbinse Dé Céadaoin.

Ach seachas an tsábháil sin ag Kelleher, bhí nóiméad eile ag an gcluiche i gcoinne Real Madrid gur léim an slua in Anfield chun a gcosa agus ba mhór an sásamh é.

Ba é sin an nóiméad a d’fhág Conor Bradley Mbappé ag streachailt.

D’éirigh le Mbappé éalú ó Alexis Mac Allister síos ar chlé agus Real Madrid ag ionsaí go tapa, go gairid tar éis na leathuaire.

Caoimhín Kelleher
Caoimhín Kelleher

Ba léir an chontúirt. Ach bhí an tÉireannach óg gan eagla. Ar nós Kelleher, ní raibh aon aird ar chlú mór agus ghlac sé smacht ar a gcluiche.

Rith Bradley trasna agus chuir sé taicil iontach ar Mbappé.

Ba léiriú foirfe é.

Mar a dumpáladh Mbappé ar an talamh agus Bradley buaiteach leis an liathróid ag a chosa, bhí lucht leanúna ar a gcosa in Anfield.

Ba é seo an tástáil ba mhó ar ghairm bheatha Bradley agus d’éirigh leis, ag cuidiú le Learpholl an bua a fháil ar Real Madrid don chéad uair ó 2009.

Chan an Kop ainm Conor arís agus arís eile sular imigh sé den pháirc nuair a cuireadh ina ionad go déanach é, tar éis dó teannas a mhothú ina chliabhán.

Agus Trent Alexander-Arnold ag teacht chucu féin ó ghortú, ní dócha go dtosóidh Conor in aghaidh Manchester City Dé Domhnaigh fiú má éiríonn leis a bheith aclaíocht.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram