

Le linn na paindéime Covid-19, mhéadaigh rátaí dúlagar (depression) agus imní, agus d’iompaigh go leor daoine chuig cógas frithdhúlagráin (antidepressant )chun cabhrú leo dul i ngleic leis.
Ach cé chomh maith agus a oibríonn siad do dhaoine le dúlagar.
Dúirt an Dr David Hellerstein, ollamh ar síciatracht chliniciúil ag Columbia University Irving Medical Center: ‘Tugann na trialacha cliniciúla is fearr le fios go bhfuil éifeacht cógais áirithe leo
‘Ach déarfainn go bhfuil sé níos lú ná mar ba mhaith linn é a bheith le dúlagar.’
‘Do shíciatraithe a cuireann na drugaí seo ar fáil, is é fírinne an scéil ná cé nach bhfuil na cógais foirfe le dúlagar, cabhraíonn siad le formhór na ndaoine a ghlacann iad.’

‘Tar éis triail amháin bhí freagra an-mhaith ag níos mó ná 60% d’othair a d’úsáid iad, a dúirt an Dr Gerard Sanacora, ollamh le síciatracht i Yale School of Medicine.
Ach dúirt sé freisin: ‘Chuir sé daoine ar an eolas i ndáiríre nach cóireálacha míorúiltí iad seo le dúlagar.
‘Tá go leor daoine fós ag fulaingt cé go bhfuil na cóireálacha seo ar fáil.’
Tá sé léirithe ag taighde nach dtagann cuid mhór den sochar a sholáthraíonn frithdhúlagráin (antidepressants) óna n-éifeachtaí ceimiceacha san inchinn ach ó éifeacht phlaicéabó.
I staidéar amháin, chabhraigh frithdhúlagráin le daoine a fheabhsú go dtí 9.6 pointe ar scála dúlagair.
Ach tháinig feabhas 7.8 pointe ar dhaoine a ghlac le phlaicéabó, rud a chiallaíonn go bhféadfaí gur fuair 80% díobh cabhair ón éifeacht phlaicéabó.
Fuarthas amach in anailísí ina dhiaidh sin go dtiocfaidh feabhas ar thart ar 25% daoine mar gheall ar dhruga ná ar phlaicéabó.
Míníonn an Dr Sanacora gurb é an rud is tábhachtaí ná gur éirigh othair níos fearr tar éis dóibh an druga a ghlacadh.
Tugann sé le fios, nuair a ghlacann tú frithdhúlagrán, go mbaineann tú leas as éifeachtaí ceimiceacha an druga ar an inchinn agus as na héifeachtaí phlaicéabó, mar an meabhrúchán laethúil go bhfuil rud éigin á dhéanamh agat chun cabhrú le do mheabhairshláinte.
Ach mura nglacann tú an cógas, ní bhaineann tú leas as.
Tá roinnt síciatraithe tar éis tosú freisin ag moladh cóireálacha neamhchógaisíochta (nonpharmaceutical ) chun cabhrú le daoine a bhfuil dúlagar orthu.

Dúirt an Dr Hellerstein, nuair a dhéanann sé measúnú ar othar nua, go dtugann sé aird níos mó anois ar nósanna, mar shampla codlata, aiste bia agus aclaíocht, agus is minic a mholfadh sé athruithe iompraíochta, teiripe nó teicnící machnaimh (meditation) roimh cógais.
Tá taighde ann a thugann le tuiscint go bhféadfadh aclaíocht cabhrú freisin le naisc nua a fhás san inchinn, agus i staidéir áirithe tá sé léirithe go bhfuil aclaíocht chomh héifeachtach le frithdhúlagráin chun an dúlagar a chóireáil.
Fuarthas amach go gcuidíonn teicnící machnaimh le mothúcháin struis agus imní, agus tá nasc soiléir idir easpa codlata agus imní san inchinn.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.