Iarrthóirí Fhine Gael ag troid lena chéile tar éis titim sa tacaíocht

29/11/2024

Bhí feachtas trioblóideach ag Fine Gael agus mar sin tá iarrthóirí ag déanamh neamhairde ar rialacha a bhunaigh ceanncheathrú an pháirtí, agus tá siad ag canbhasáil i gceantair a chéile

Bhí  iarrthóirí Fhine Gael ag briseadh na rialacha a bhí leagtha síos ag Ceanncheathrú an pháirtí agus ag canbhasáil sna ceantair a bhí siad ceaptha fanacht amach uathu, i laethanta deiridh fheachtas an Olltoghcháin.

Bhí ar oibrithe do cheannaire an pháirtí agus Taoiseach Simon Harris a gcuid pleananna a athrú freisin.

Bhí orthu preasagallamh a thionól ar lá deiridh an fheachtais, cé nach raibh siad ag iarraidh é sin a dhéanamh.

D’admhaigh an tUasal Harris in agallamh Déardaoin gur bhuail a pháirtí cúpla ‘bumps’ ar an mbealach san fheachtas.

Clodagh Higgins le Fine Gael
Clodagh Higgins le Fine Gael

Thit tacaíocht an pháirtí ó 24% go 20% an mhí seo.

Chuir iarrthóireacht chonspóideach an tSeanadóra John McGahon isteach ar fheachtas an pháirtí, agus freisin bhí malartú míchompordach idir an tUasal Harris agus oibrí míchumais i gCeann Toirc (Kanturk) arbh éigean dó a leithscéal a ghabháil as.

Chuir an titim sa tacaíocht tús le troideanna i measc iarrthóirí Fhine Gael atá ag dul san iomaíocht sna toghcheantair chéanna le haghaidh suíochán sa Dáil.

Tá sé tuairiscithe ag an Irish Daily Mail gur cuireadh rialacha dochta canbhasála, a tugadh d’iarrthóirí páirtí, ar leataobh i roinnt toghcheantar nuair a d’éirigh cúrsaí teannas.

I Maigh Eo, áit a bhfuil ceathrar iarrthóir á reáchtáil ag an bpáirtí i ndáilcheantar le cúig shuíochán, bhris iarrthóirí Dála a gcomhaontuithe trí chanbhasáil agus scaipeadh bileog i ‘ngach ceantar’.

Bhí teachtaireacht WhatsApp ag rá le foireann iarrthóir an pháirtí Keira Keogh neamhaird a dhéanamh de na teorainneacha.

Faigheann Keogh tacaíocht ón TD Michael Ring, atá ag dul as oifig.

Dúirt an teachtaireacht go bhfuil ‘gach réimse oscailte anois’.

Dúradh le foireann Keira Keogh canbhás a dhéanamh i mBéal Átha hAmhnais (Ballyhaunis), áit  a bhí tugtha do Martina Jennings, iarrthóir nua d’Fhine Gael.

Bhí  Ms Jennings freisin ag fágáil bileoga i gCaisleán an Bharraigh, limistéar atá in áirithe don Aire Stáit Alan Dillon.

Tuigtear gur fhreagair Ms Jennings go feargach tar éis don Uasal Dillon freastal ar imeacht CLG ina ceantar an tseachtain seo caite.

Dúirt foinsí Fhie Gael nach raibh ‘ábhar canbhasála’ ar bith ag an Uasal Dillon leis agus go raibh sé ag freastal ann mar aire shóisearach tithíochta.

Tá ceathrú iarrthóir an pháirtí, Mark Duffy, ag canbhasáil freisin i mBaile an Chaistil i dtuaisceart an dáilcheantair, ceantar atá in áirithe do Ms Keogh.

Agus i nGaillimh Thoir, tá iar-mhéara na Gaillimhe Clodagh Higgins, tar éis cur i leith a comhghleacaí páirtí Fhine Gael, an TD Ciarán Cannon atá ar scor, as iarracht a dhéanamh an ‘iarrthóir is fearr leis’ a roghnú.

Ciarán Cannon
Ciarán Cannon

Tá triúr iarrthóir á reáchtáil ag Fine Gael sa dáilcheantar ceithre shuíochán.

Chuir an tUasal Cannon bileoga amach ag impí ar dhaoine vótáil d’iarrthóir Fhine Gael Niamh Madden i mBaile Átha an Rí.

Ainmníodh an baile, as ar tháinig Ms Higgins, do Ms Higgins amháin ag ceanncheathrú an pháirtí.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram