Gearradh pianbhreith trí bliana ar iar-réalta rugbaí na hÉireann Brendan Mullin as níos mó ná €560,000 a ghoid

25/11/2024

Gearradh príosún as goid ar an réalta rugbaí Brendan Mullin, a bhí in ann ‘smacht a chur ar pháirtithe eile lena thoil a dhéanamh’

Gearradh pianbhreith trí bliana sa phríosún ar iar-imreoir idirnáisiúnta rugbaí na hÉireann, Brendan Mullin.

Fuarthas an iar-réalta rugbaí ciontach as €500,000 a ghoid ó bhanc príobháideach de chuid Bhanc na hÉireann, nuair a bhí sé ina stiúrthóir bainistíochta air, deich mbliana ó shin.

Cúisíodh an iarimreoir rugby , atá 61 bliain d’aois, sa Chúirt Chuarda Choiriúil i mBaile Átha Cliath, as naoi gcúiseamh as níos mó ná €570,000 a ghoid ón mbanc idir 2011 agus 2013.

Duradh sa chás, a mhair trí seachtaine, go raibh Mullin, as Bóthar Stigh Lorgan, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4, ag gníomhú go mímhacánta.

Brendan Mullin
Brendan Mullin

Dúirt an t-ionchúiseamh gur ghoid Mullin €500,000 ó Bhanc na hÉireann le linn cliseadh cumarsáide i measc codanna éagsúla den ghrúpa baincéireachta, agus gur aistríodh an t-airgead i ndeireadh na dála chuig comhlacht a bhí cláraithe sna British Virgin Islands.

Ag cur pianbhreith air Dé Luain, dúirt an Breitheamh Martin Nolan go raibh Mullin i ‘post iontaobhais (trust) agus i riocht cumhachta’ nuair a ghoid sé ón mbanc.

‘Bhí sé in ann smacht a chur ar pháirtithe eile lena thoil a dhéanamh,’ a dúirt an breitheamh.

Thug an breitheamh faoi deara nach raibh aon chúis curtha ag Mullin, ach go raibh sé le tuiscint go raibh air airgead a fháil agus ‘go ndeachaigh sé i mbun an iarracht seo airgead a fháil’.

Chuir sé roinnt fachtóirí maolaithe san áireamh, lena n-áirítear gur aisíocadh na cistí go hiomlán le Banc Príobháideach Bhanc na hÉireann agus nach ndearnadh caillteanas orthu.

Thug an breitheamh faoi deara freisin go raibh moill shuntasach leis an gcás a thabhairt.

Chuala an chúirt go nglacann Mullin le breithiúnais an ghiúiré anois agus ghlac an Breitheamh Nolan go raibh ‘brón air as an méid a rinne sé’.

Ag imirt rugbaí
Ag imirt rugbaí

Thug sé faoi deara, áfach, go raibh pianbhreith choimeádta dosheachanta agus ghearr sé téarma príosúin trí bliana air.

Chuir Mullin a cheann síos nuair a gearradh an phianbhreith.

Éigiontaíodh Mullin as dhá chúiseamh a bhain le Beechwood Partners, lena n-áirítear goid líomhnaithe €6,150 ón mbanc príobháideach as obair a rinneadh go príobháideach do Mullin agus muirear cuntasaíochta bréagach a bhain leis an cás gcéanna.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram