

Tá sé ráite ag ceannaire comhlachta aeraspáis Éireannach go bhfuil sé beartaithe aige roicéid tráchtála a sheoladh ó chósta thiar na hÉireann chomh luath leis an bhliain seo chugainn.
Agus tá sé ag beartú cheana féin aghaidh a thabhairt ar dhúshláin phleanála a bhaineann leis an éifeacht ar an radharcra agus an tionchar ar an gcomhshaol.
Tá Rory Fitzpatrick, atá 57 bliain d’aois agus as Corcaigh, ina phríomhfheidhmeannach ar SUAS Aerospace atá ag iarraidh na roicéid a sheoladh.
Tá súil ag an ngnólacht dhá spásphort tráchtála a oibriú as Éirinn agus an tír a chomhtháthú (integrate) sa mhargadh brabúsach domhanda le haghaidh roicéid a sheoladh.

Tá cúig áis seolta á thógáil ag Albain agus meastar go nginfidh siad thart ar €4billiún dá geilleagar sna 20 bliain atá romhainn.
Mar gheall air sin tá Fitzpatrick muiníneach go bhfeicfidh Éire torthaí den chineál céanna.
Dúirt sé: ‘Tá athrú ar an tionscal ina bhfuil fiú na rialtais ag tosú ar sholáthraithe seolta tráchtála a úsáid chun feithiclí a sheoladh isteach sa spás.
‘Níl sé d’acmhainn ag NASA teip, ach is féidir le Elon Musk teip 20 uair agus fós a rá le gach duine go raibh sé go hiontach.’
Má theipeann ar mhisean roicéad íoctha le hairgead an rialtais, bíonn níos mó damáiste ann, le fiosrúchán agus cruinnithe coiste, a dúirt sé.
Dúirt sé: ‘Tá na seoltaí a dhéanann Musk an-chúramach ach seolann siad agus foghlaimíonn siad agus seolann siad arís.
‘Mar sin féin, má tá seoladh ag NASA a dteipeann air, bíonn ceisteanna faoi agus, ceithre bliana ina dhiaidh sin, is féidir leo filleadh ar an tábla.
‘Faoin am sin, tá an teicneolaíocht athraithe.’
Maidir lena phleananna féin, dúirt sé: ‘Táimid ag iarraidh misean “pathfinder” a sheoladh an bhliain seo chugainn.
‘Is é an plean mór atá anseo ná seoladh tástála a dhéanamh, rud a bheadh ina sheoladh fo-fhithise (sub-orbital).
‘Ag trí nó ceithre mhéadar ar fad agus meáchan 35kg, beidh an “pathfinder” beag ach rachadh sé tríd an bpróiseas amhail is gur feithicil mhór é.’
Mar sin féin, tá córas pleanála na hÉireann déine agus bheadh cuid den chósta thiar de dhíth ar an tionscadal leis na roicéid.
Tá Fitzpatrick eolach ar na dúshláin, agus tá sé sásta a admháil go bhféadfadh an sprioc ama don chéad seoladh tástála a bheith i roinnt blianta.
Dúirt sé: ‘Beidh agóidí ann agus caithfimid iad a bhainistiú ach ní hé seo Cape Canaveral.
‘Beidh muid ag seoladh roicéid faoi dhá thona. Ní roicéid ollmhóra iad seo.’
Ach beadh fadhbanna ann.

D’fhéadfadh freagairt ‘mhothúchánach’ a bheith mar thoradh ar mholadh go ndéanfaí spásphort timpeall ar mhéid aerfoirt réigiúnach a thógáil i measc áilleacht an iarthair.
Ansin tá an cheist maidir le breoslaí iontaise a dhó chun na roicéid a sheoladh.
Mar sin féin, is cosúil go bhfuil na cúinsí timpeallachta láithreach inbhainistithe.
Úsáidfidh gach seoladh breosla níos lú ná eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Londain, a dúirt sé.
Agus nuair a bheidh an calafort ag feidhmiú go hiomlán, déanfaidh sé maoirseacht ar uasmhéid de 50 seoladh sa bhliain.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.