

Tá Club Reatha sóisialta Gaeilge nua bunaithe i mBaile Átha Cliath agus tá sé mar chuid de na Gaeil Óga, an club CLG lán-Ghaeilge atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Tá Eoin P Ó Murchú mar chuid de na heagarthóirí agus deir sé go bhfuil fáilte chuig gach éinne atá ós cionn aois 18 mbliana.
Ag caint faoin gclub, dúirt sé: ‘D’éirigh na foirne fásta as traenáil le chéile don gheimhreadh agus bheartaíomar go mbeadh sé deas teacht le chéile mar ghrúpa agus rith a dhéanamh ar bhealach sóisialta.’

Agus is rith éasca go leor atá i gceist freisin leis an gclub.
Bíonn roinnt daoine ag siúl. Bíonn roinnt daoine ag rith go measartha bog agus daoine ag comhrá le chéile.
Bíonn an club ar siúl gach maidin Dé Domhnaigh ag leathuair tar éis a deich, i bpáirc an Fhionnusice (Phoenix Park), ag tosú ag an seomra tae.
Dúirt Eoin: ‘An chuid is mó de na daoine, tá siad sna fichidí nó a leithéid, ach tá fáilte roimh aon duine atá ocht mbliana déag nó os a chionn.
‘Is í an Ghaeilge theanga cumarsáide na hócáide agus má tá daoine ag foghlaim na teanga agus má tá siad sásta an teanga a labhairt, beidh fáilte rompu.’
Níl aon rialacha ag baint leis agus níl aon chostas ann ach oiread.
Ag labhairt faoin gclub, dúirt Eoin: ‘Tá muid díreach ag iarraidh daoine a chur i mbun aclaíochta agus a chur i mbun spraoi agus comhrá lena chéile.’
Dúirt sé freisin: ‘Tá muid ag iarraidh scéal na Gaeil Óga a scaipeadh le daoine freisin.

‘Is cumann CLG lán Ghaeilge atá ionainn agus tá os cionn 500 ball imeartha againn.’
Is féidir dul i dteagmháil leis an gclub ar Instagram ar leathanach na Gaeil Óga (CLICEÁIL ANSEO) agus is féidir dul isteach sa ghrúpa WhatsApp uaidh sin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.