

Léiríonn figiúirí nua an chaoi atá ‘ról suntasach’ ag cócaon in ardú 324% ar eachtraí ionsaithe drochíde Tuairiscíodh an ról atá ag cócaon san ardú ar ionsaithe drochíde baile (domestic abuse) le 10 mbliana anuas.
Tá géarghá leis an cheist a scrúdú agus déileáil léi, a dúirt ceannaire Aontú Peadar Tóibín.
Bhí sé ag caint faoi fhigiúirí nua atá eisithe ag an Roinn Dlí agus Cirt.

Taispeánann siad go bhfuil méadú 324% tagtha ar líon na n-eachtraí drochíde baile a tuairiscíodh do na gardaí ó 2014 i leith, agus go bhfuil siad ag méadú i gcónaí.
Léiríonn na figiúirí a eisíodh don Dáil ar iarratas an Uasail Tóibín gur mhéadaigh líon na n-eachtraí drochíde baile a tuairiscíodh ó 14,264 i 2014 go 46,539 anuraidh.
Chomh maith leis sin léiríonn na figiúirí go dtí seo don bhliain seo go bhfuil líon na n-ionsaithe ag ardú.
Léiríonn na figiúirí freisin go raibh, ar an meán, 128 glaoch amach chuig na Gardaí maidir le heachtraí drochíde baile gach lá anuraidh.
Thug an TD as Iarthar na Mí foláireamh go bhfuil ról lárnach ag an méadú ar úsáid drugaí cosúil le cócaon leis an ardú i dtuairiscí faoi dhrochíde bhaile.
Dúirt sé: ‘Taobh thiar de na figiúirí seo tá duine ag déanamh damáiste, i tearmann (sanctuary) a bhaile féin.
Dúirt sé go bhfuil an mhí-úsáid seo á déanamh in aghaidh mná i bhformhór na gcásanna.
‘Ceann de na príomhchúiseanna le méadú na mí-úsáide seo is ea an fás mór i mbailte, i gcathracha agus i gceantair thuaithe le cócaon,’ a dúirt sé.
‘Tá méadú 200% tagtha ar mhí-úsáid cócaon ó 2017 agus ardú géar ar líon na ndaoine a bhfuil andúilí iolracha orthu.
‘Tá comhghaol soiléir idir an t-ardú scanrúil in úsáid cócaon mar dhruga sóisialta agus an t-ardú níos scanrúla fós ar fhoréigean teaghlaigh.
‘Ní mór don Aire Dlí agus Cirt agus don Rialtas staidéar a dhéanamh air seo, é a admháil agus dul i ngleic leis.
‘Ba cheart go mbeadh tionchar ag iarmhairtí na ngníomhartha seo ar ár mbeartas maidir le díchoiriúlú (decriminalising) drugaí.’

Dúirt an tUasal Tóibín: ‘Ní tharlaíonn úsáid mhéadaithe cócaon agus drugaí eile i bhfolús. Tá iarmhairtí sóisialta aige mar an méadú ar fhoréigean.’
Dúirt an tUasal Tóibín go gcaithfidh an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee a bheith ‘i bhfad níos éifeachtaí agus i bhfad níos réamhghníomhaí’ agus dúirt sé go bhfuil naoi gcontae in Éirinn fós nach bhfuil ionad tearmainn acu do mhná agus leanaí atá ag tabhairt aghaidh ar fhoréigean baile.
Agus í ag freagairt, dúirt Ms McEntee gur méadaíodh caiteachas ar an réimse seo go €70 milliún sa bhuiséad deireanach, faoi thrí ar a raibh ceithre bliana ó shin.
‘Tá dul i ngleic le gach cineál foréigin teaghlaigh, gnéis agus inscne ina thosaíocht iomlán don Rialtas seo, domsa mar Aire Dlí agus Cirt agus do Choimisinéir an Gharda Síochána,’ a dúirt sí mar fhreagra ar cheist Dála.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.