

Tá Kneecap ar bharr an liosta de na réaltaí Éireannacha atá ainmnithe do roinnt gradam ag Gradaim Scannán na Breataine Neamhspleách (British Independent Film Awards, BIFAs).
Tá an scannán Gaeilge, Kneecap, a scríobh agus a stiúir Rich Peppiatt, agus a bhfuil an triúr rapairí as Béal Feirste ina réalta ann, ainmnithe do 14 ghradam.

Sin níos mó ná aon scannán eile ar an liosta.
Agus tá baill an bhanna, Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí, a bhfuil a fíor ainmneacha Liam Óg Ó Hannaidh, Naoise Ó Cairealláin, JJ Ó Dochartaigh, ainmnithe do BIFA freisin.
Fuair Kneecap aitheantas idirnáisiúnta tar éis dóibh gradam a bhaint amach ag Féile thábhachtach Scannán Sundance i Meiriceá agus is iontráil Éireannach é do na hOscars.
Tá Saoirse Ronan, a ainmníodh d’Oscar roinnt uaireanta gan cheann a bhuachan, ina réalta i The Outrun, atá ainmnithe do naoi BIFA.
Tá ceann de na hainmniúcháin sin do Shaoirse, rud a d’fhéadfadh seans Oscar a fháil di freisin.
Tá BIFA buaite aici cheana féin as a ról sa scannán 2015 Brooklyn.
Agus tá ainmniúchán don Duine Tacaíochta is Fearr faighte ag Barry Keoghan as a ról sa scannán de chuid Andrea Arnold, Bird, a ainmníodh do sheacht BIFA.

Idir an dá linn, bhí iontas éigin ann nuair a fuair an scannán faoi Amy Winehouse chomh beag ainmniúchán mór sna BIFAs.
D’éirigh go hiontach leis an scannán, Back to Black, leis na léirmheastóirí agus leis an bpobal i gcoitinne agus léirigh sé go leor d’amhráin Winehouse.
Mar sin féin, cé gur ainmníodh Jack O’Connell do ghradam don dhuine tacaíochta is fearr (mar iarfhear céile Winehouse Blake Fielder-Civil), níor ainmníodh é le haghaidh aon ghradam mór BIFA eile.
Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas Ghradaim Scannán na Breataine Neamhspleách Dé Domhnaigh, 8 Nollaig.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.
