Tháinig Éire le chéile le líon beag tíortha eile a cháin cosc Iosrael ar ghrúpaí cúnaimh na Náisiún Aontaithe i gcodanna den Phalaistín atá á áitiú aici.
Tagann sé seo ag am a maraíodh ar a laghad 93 Palaistíneach, agus gortaíodh an iliomad, in ionsaí ar fhoirgneamh cónaithe i Beit Lahiya in Gaza, Dé Máirt.
I measc na marbh bhí ar a laghad 20 leanbh, a dúirt dochtúirí.
Agus in Gaza, áit ar maraíodh níos mó ná 41,000 duine ag ionsaithe Iosraelacha, tá géarchéim bia, de réir stiúrthóir feidhmiúcháin an Chláir Dhomhanda Bia (World Food Programme, WFP) Cindy McCain.
‘Tá daoine in Gaza ag dul chun báis faoi láthair. Is scanrúil an luas ag a bhfuil an ghéarchéim ocrais agus míchothaithe (malnutrition) seo, de dhéantús daoine, ag rith trí Gaza,’ a dúirt sí.
Níl Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha (United Nations Relief and Works Agency UNWRA) gníomhach in Iosrael ach cuireann sí bia, seirbhís sláinte agus oideachas ar fáil i gceantair Phalaistíneacha.
Bhí vóta ag an Knesset, áfach, ar an gcosc ar an ngrúpa seo de chuid na Náisiún Aontaithe, agus tá an cosc sin cáinte go láidir ag an Uachtarán Micheál D Uí hUigínn agus ag an Taoiseach Simon Harris araon.
D’eisigh Éire freisin ráiteas comhpháirteach leis an Spáinn, an Iorua (Norway) agus an tSlóivéin (Slovenia) ag cáineadh an vóta sa Knesset a chuirfeadh cosc ar Unwra oibriú ar thailte atá faoi rialú Iosrael.
Vótáil an Knesset freisin chun naisc fhoirmiúla a ghearradh leis an eagraíocht.
Mhaígh Iosrael go bhfuil dlúthcheangal ag Unwra le Hamas – ach diúltaigh na Náisiúin Aontaithe, tíortha eile agus iriseoirí atá ag obair sa cheantar leis an líomhain sin.
Ag labhairt dó Dé Máirt, dúirt an Taoiseach Simon Harris go gcaithfidh an Eoraip an ‘misneach morálta (moral courage)’ a aimsiú le gníomhú ar an gceist seo.
‘Fágfaidh níos mó daoine bás, gheobhaidh níos mó leanaí bás leis an ocras, níl aon rogha eile ann seachas Unwra,’ a dúirt an Taoiseach.
‘Ní hiad sin na focail atá agamsa amháin, is iad focail Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe iad, is focail Uachtarán na Stát Aontaithe iad trína Roinn Stáit.
‘Tá Unwra ag teastáil, tá sé fíor-riachtanach agus tá na gníomhartha atá feicthe againn sa Knesset fíor-náireach.
‘Ní mór don Eoraip anois an misneach morálta a fháil i mo thuairim chun gníomhú ina leith seo.’
Dúirt an tUachtarán Micheál D Ui hUigínn go bhfuil sé ‘in am stop a chur leis an uafás staire seo’, agus é ag caint fóin gcosc.
Dúirt sé: ‘Tá 100,000 duine i dtuaisceart Gaza, an tromlach acu mná agus leanaí, gafa go héifeachtach gan aon áit shábháilte le dul ann.
‘Tá dhá cheann dá dtrí ospidéal scriosta agus tá ceann amháin faoi léigear.
‘Tá daoine scothaosta tarraingthe óna leapacha ospidéil agus tá an fhoireann leighis thar a bheith cróga, a d’fhan leis na daoine is leochailí, ag íoc lena saolta agus ag bagairt gabhála.
‘Ba mhór an díomá é tost uathu siúd a raibh na mianta is fearr acu don AE agus dá thodhchaí le linn tubaiste dhaonnúil thromchúiseach, déanann sé dochar don Aontas.
‘Tá sé in am stop a chur leis an uafás staire seo. Ar deireadh beidh ar an bPalaistín agus ar Iosrael maireachtáil le chéile i spásanna in aice lena chéile.’
Idir an dá linn, tá ardú go dtí 2,792 ar líon na ndaoine a maraíodh de bharr ionsaithe sa Liobáin, agus tá 12,772 duine breise gortaithe ó mhí Dheireadh Fómhair 2023.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.