Beidh aimsir bhreá ann le haghaidh ‘trick or treating’ mar gheall ar ‘subtropical surge’

29/10/2024

Beidh an aimsir níos teo ná mar is gnách ón gCéadaoin agus isteach go dtí an tseachtain seo chugainn, a deir Met Éireann

Is féidir le muintir na hÉireann a bheith ag súil le sos a fháil ón bhfuacht agus an aimsir chomh te leis an Spáinn agus leis an bhFrainc an tseachtain seo.

D’fhéadfadh sé a bheith chomh te sin an tseachtain seo mar gheall ar ‘borradh fothrópaiceach (‘subtropical surge)’.

Táthar ag súil le haimsir bhreá sna laethanta amach romhainn le 17 céim Dé Céadaoin.

Beidh sosanna gréine romhainn, freisin, leis an teocht chéanna agus a mbeidh i Maidrid.

Agus beidh an aimsir níos séimhe ná mar is gnách ar na tráthnónta agus na hoícheanta.

Iomaire ardbhrú (Ridge of high pressure)

Dúirt meitéareolaí Met Éireann Mark Bowe: ‘Tá iomaire ardbhrú ag teacht díreach siar ón Spáinn.

‘Tá an aimsir seo ag gluaiseacht go mall agus tá sé in ann aer te a tharraingt suas ón talamh leis.

‘Beidh sé sin ag dul ar fud na hÉireann agus na Breataine Bige sna laethanta amach romhainn.

‘Is toisc go mbeidh an mais éadrom seo againn go bhfuil ár dteocht os cionn an mheáin don am seo den bhliain.’

Táthar ag súil go bhfanfaidh an t-ardbhrú seo an chuid eile den tseachtain seo agus fanfaidh an aimsir te linn Dé Sathairn agus b’fhéidir fiú Dé Domhnaigh chomh maith.

Beidh sé socair agus beidh oícheanta níos séimhe an tseachtain seo freisin

Beidh sé níos teo ná mar is gnáth ag an am seo, le teocht chomh hard le 16 céim ar fud na Fraince Dé Céadaoin, agus ag teach anseo.

Táthar ag súil freisin go mbeidh teocht ard 17 céim ag an Bhreatain freisin. Tá sé sin cúig chéim níos teo ná an meán.

Borradh fothrópaiceach (Subtropical surge)

Beidh oíche Chéadaoin tirim den chuid is mó le roinnt scamaill agus gaotha, go háirithe san iardheisceart.

Beidh teochtaí na hoíche idir naoi agus 12 céim ar a gcuid is ísle, agus beidh ceobhráin agus ceo ann.

Beidh na teochtaí ardaithe mar gheall ar bhorradh fothrópaiceach 600 míle ar leithead.

Leanfaidh an aimsir níos teo anseo ar Oíche Shamhna ar an Déardaoin le teocht de 16 céim, cé go bhféadfadh sé seo a bheith thart ar 13 céim ag an leibhéal is ísle.

Leanfaidh an bháisteach éadrom agus na gaotha ar aghaidh freisin ach feicfimid níos mó gréine ag briseadh tríd i rith an lae.

Beidh an Aoine níos tirime i rith an lae, le tréimhsí gréine agus teocht ard idir 13 agus 15 céim.

Gheobhaidh an t-iardheisceart roinnt gaoth éadrom go measartha, cé go mbeidh sé níos úire gar do chóstaí thuaidh agus thiar.

De réir réamhaisnéis an deireadh seachtaine seo beidh an aimsir thirim den chuid is mó le teocht idir 12 agus 15 chéim taitneamhach de réir mar a leanann an tréimhse bhreá ar aghaidh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram