Ar chuir sibh na cloig ar ais ar an Domhnach? An taobh dorcha dúinn!

25/10/2024

D’fhéadfadh gur baol mór dár sláinte é na cloig a chur ar ais, dar le staidéar nua

Beidh go leor againn ag tnúth le huair an chloig sa bhreis a chodladh ar an Domhnach, nuair a bheidh na cloig ag dul ar ais.

Mar sin féin, tá rabhadh tugtha ag eolaithe go bhféadfadh méadú teacht ar fhadhbanna codlata, ar thimpistí tráchta – agus fiú ar ailse (cancer), a bheith mar thoradh ar an athrú ar ár sceidil.

Anois tá ráiteas foilsithe ag grúpa saineolaithe ag moladh deireadh a chur le hAm Coigilte Solas an Lae (daylight-saving time, DST) trí na cloig a chur ar ais.

 Grúpa saineolaithe ag moladh deireadh a chur le hAm Coigilte Solas an Lae (daylight-saving time, DST) trí na cloig a chur ar ais
Grúpa saineolaithe ag moladh deireadh a chur le hAm Coigilte Solas an Lae (daylight-saving time, DST) trí na cloig a chur ar ais

Is i 1916 a tugadh isteach an smaoineamh chun na cloig a chur ar aghaidh, agus ansin ar ais, i rith na bliana.

Ba é an smaoineamh ag an am ná táirgiúlacht an fhórsa saothair a fheabhsú tríd an leas is fearr a bhaint as uaireanta solas an lae sa samhradh.

Ciallaíonn sé go dtéann na cloig ar aghaidh uair an chloig ag 1am ar an Domhnach deiridh i mí an Mhárta, agus ar ais uair an chloig ag 2am ar an Domhnach deiridh i mí Dheireadh Fómhair.

Tá sé seo toisc go n-éiríonn na laethanta níos faide sa samhradh.

Mar gheall air sin má bhogtar am oibre ar aghaidh uair an chloig, tugann sé níos mó uaireanta solas na gréine do dhaoine i rith an lae oibre.

Mar sin féin, anois tá Cumann Codlata na Breataine (British Sleep Society) tar éis a iarraidh go ndéanfaí Am Caighdeánach (Standard Time) buan (ar a dtugtar Greenwich Mean Time freisin) a athchóiriú, in alt san iris, Journal of Sleep Research.

Áirítear leo fianaise a tharraing aird ar iarmhairtí diúltacha an athraithe cloig.

Tá sé tugtha le tuiscint ag staidéar go dtiocfaidh méadú thart ar 6% ar an mbaol go dtarlódh timpistí marfacha nuair a tugadh isteach am coigilte solas an lae gach earrach.

Beidh athrú ar fhón i ngan fhios dúinn
Beidh athrú ar fhón i ngan fhios dúinn

Tá fianaise ann freisin go bhfuil riosca méadaithe fadhbanna cardashoithíoch (cardiovascular), iompar féinmharfach agus básmhaireacht (mortality) sna laethanta tar éis na cloig a athrú.

Thug comh-údar an staidéir, an tOllamh Malcolm von Schantz, ó Ollscoil Northumbria na Breataine, foláireamh: ‘Is iad na maidineacha an t-am a bhfuil an gá is mó le solas ar ár gcloig choirp chun fanacht faoi shioncronú (stay in sync).

‘Ar dhomhanleithead (latitudes) [in Éirinn agus sa Bhreatain] níl aon solas lae spártha le spáráil i rith míonna an gheimhridh.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram