

Ba é an Rialtas a chinn tithe modúlacha (modular homes) a thógáil ar dhá oiread an bhunphraghais, dúradh le coiste Dála.
Ceapadh gur €200,000 an ceann a chosnódh na tithe ach ar deireadh bhí siad €442,000.
Bheadh costas níos lú ná sin, €397,000, ar an meánphraghas ar theach nua, trí sheomra leapa, de réir figiúirí ó Chumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann (Society of Chartered Surveyors, SCSI) ón mhí seo caite.
Mar sin bhí an costas ar gach teach modúlach €45,000 níos mó ná an meánphraghas ar theach teaghlaigh le trí sheomra leapa.
Bheadh an meánchostas i mórcheantar Bhaile Átha Cliath – sé sin na contaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, na Mí agus Chill Mhantáin – beagán níos airde ag €461,000.

D’ardaigh Oifig na nOibreacha Poiblí (Office of Public Works) imní faoi ‘inmharthanacht (viability)’ airgeadais tithe modúlach do dhídeanaithe ón Úcráin le hoifigigh shinsearacha Rialtais.
Dúradh leo, áfach, dul ar aghaidh leis an tionscadal.
An mhí seo caite, léirigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Comptroller and Auditor General), go raibh an costas in aghaidh an aonaid de níos mó ná 600 teach modúlach ardaithe ó mheastachán tosaigh de €200,000 go thart ar €442,000, méadú 121%.
Tháinig oifigigh ón OOP (OPW) os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí (Public Accounts Committee) chun costas na n-aonad a chosaint.
Ina ráiteas oscailte, dúirt John Conlon, cathaoirleach nua an OOP (OPW), go raibh costas an tionscadail tithe modúlach ‘cothrom le seomraí a sholáthar in óstáin’ ar feadh cúig bliana.
Dúirt sé: ‘De réir aon mheasúnú is fearr an tsócmhainn Stáit nua seo a bheith agat ná seomraí óstáin a fháil ar cíos ar feadh cúig bliana.
‘Beidh an tsócmhainn Stáit seo ar fáil go ceann 55 bliain eile.’
Dheimhnigh oifigigh an OOP (OPW) gur thart ar €150,000 an costas in aghaidh an teach modúlach, agus gur tháinig ardú ar an meánchostas iomlán go dtí €442,000 in aghaidh an aonaid nuair a cuireadh seirbhísiú na láithreán san áireamh.
Chiallódh sé seo go gcosnódh sé gar do €300,000 in aghaidh an teach modúlach chun é a sheirbhísiú.
Nuair a fiafraíodh de cad é mar a d’éirigh an costas a bhain le seirbhísiú na suíomh chomh hard sin, dúirt an tUasal Conlon: ‘Ba é [suíomh na] láithreáin an costas ollmhór; i dtéarmaí forbairt láithreáin, bhí cuid de na suímh seo i bhfad ó naisc fhóntais (utility connections).
‘Mar sin bhí an costas a bhain le fóntais a thabhairt go dtí na suímh sách suntasach chomh maith le glanadh an tsuímh.’
Dúirt an tUasal Conlon: ‘I dtéarmaí fhorbairt na dtionscadal, ba sinne an t-údarás conarthach, agus ba í an Roinn Lánpháirtíochta an t-údarás maidir leis seo.
‘Choinníomar ar an eolas iad i gcónaí faoin gcostas méadaitheach a bhain leis seo.
‘D’ardaigh muid ár n-imní maidir le hinmharthanacht, leis an Roinn Imeasctha. Agus ní cinneadh an OOP (OPW) é an cinneadh dul ar aghaidh.’
Dúirt an tUasal Conlon nach raibh sna costais luatha ach measúnuithe ‘sealadach’.
Tar éis ceist maidir le cé acu ar cuireadh an Rialtas ar an eolas faoin méadú ar chostais, dúirt sé: ‘Ní hé an OOP (OPW) a rinne an cinneadh dul ar aghaidh, ba í an Roinn Lánpháirtíochta a rinne an cinneadh chun dul ar aghaidh.’
Dúirt TD de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly go raibh costas de €297,000 ar gach aonad a sheirbhísiú ‘thar a bheith seafóideach.

Dúirt an tUasal Conlon: ‘Bhí na suímh seo i bhfad ró-bheag ó thaobh barainneachtaí scála (economies of scale),de, ach chuaigh muid ar aghaidh tar éis plé leis an Roinn Leanaí agus Lánpháirtíochta , a bhí mar an t-údarás ceadaithe chuige seo.’
Agus é á cheistiú ag an Teachta Dála Mairéad Farrell, cathaoirleach de chuid Sinn Féin ar an PAC, faoi chostas an tsuímh, dúirt an tUasal Conlon gur aontaigh sé go raibh sé ‘deacair a mhíniú’ conas mar a lig an OOP ar chostais sheirbhísiú na suíomh a mhéadú chomh mór sin.
Dúirt sé, áfach: ‘Bhí muid ag déileáil le suíomhanna an-bhocht, suímh an-bheag. Chuireamar in iúl don ghrúpa oifigeach sinsearach go mbeadh sé deacair é a dhéanamh ar bhealach cost-éifeachtúil.’
Dúirt Ms Farrell go raibh ‘seic bán’ scríofa ag an Rialtas chun na haonaid a dhéanamh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.