

Tá easnamh faoi láthair de 809 múinteoirí buana i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta, de réir an tsuirbhé is déanaí.
Ina theannta sin, beidh ganntanas 1,200 múinteoir faoin mbliain nua, dar le Cumann Múinteoirí Éireann (Irish National Teachers’ Organisation, INTO).
Agus dúirt urlabhraí de chuid Chumann Múinteoirí Éireann: ‘Is ábhar imní é go bhfuil scoileanna ag súil le 1,816 folúntas breise faoi Eanáir seo chugainn.

‘Rud a thugann le fios go mbeidh ganntanas iomlán de 2,767 múinteoirí ann d’fhormhór na scoilbhliana seo chugainn.’
Ina theannta sin, ní féidir le níos mó ná leath de na bunscoileanna i gcontaetha ina bhfuil daonra ag méadú teacht ar mhúinteoirí chun poist fholmha a líonadh.
Is i mBaile Átha Cliath, i gCill Dara agus i gCill Mhantáin (Wicklow) atá na cásanna is measa.
Dúirt an INTO go léiríonn suirbhé nua an fhómhair ‘go bhfuil géarchéim an tsoláthair múinteoirí ag dul i méid i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta na hÉireann’.
Tá an suirbhé i gcomhpháirtíocht le Líonra Príomhoidí Bunscoile na hÉireann (Irish Primary Principals’ Network, IPPN) agus Cumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha (Catholic Primary Schools Management Association, CPSMA).
Léirigh sé nach bhfuil scoileanna in ann poist mhúinteoireachta ionadaíochta buana, téarma seasta agus fadtéarmacha a líonadh don dara bliain as a chéile.
Dúirt John Boyle, rúnaí ginearálta an INTO: ‘Is ábhar imní mór é torthaí an tsuirbhé seo ar ghéarchéim ollmhór inár mbunscoileanna agus ár scoileanna speisialta.
‘Tá an ganntanas múinteoirí, go háirithe i gceantair uirbeacha, ag méadú i gcónaí agus is forbairt scanrúil í an spleáchas mór ar fhoireann neamhcháilithe.
‘Mura ndéantar beart láithreach, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na brúnna ó thaobh costais tithíochta agus maireachtála i mBaile Átha Cliath agus in ionaid uirbeacha eile, rachaidh an ghéarchéim seo in olcas.
‘Ní mór dúinn gníomhú anois lena chinntiú nach bhfágtar leanbh ar bith go rialta gan múinteoir cáilithe le linn a bhunscoile.’
Ar fud na hÉireann, thug iomlán de 29% den 1,305 freagróir le fios nach raibh siad in ann gach post múinteoireachta don scoilbhliain 2024/2025 a líonadh, méadú beag ó 28% anuraidh.

D’ardaigh an figiúr go níos mó ná 50% dóibh siúd i mBaile Átha Cliath, i gCill Dara agus i gCill Mhantáin.
Dúirt an ceardchumann go raibh an ganntanas ag dul i bhfeidhm go mór ar chaighdeán an oideachais i go leor scoileanna.
Mar fhreagra, dúirt an Roinn Oideachais go bhfuil ‘níos mó múinteoirí ná riamh ag obair i gcóras oideachais na hÉireann’.
Dúirt siad: ‘I Márta 2024 bhí 78,646 múinteoir FTE (coibhéis lánaimseartha) fostaithe, agus 57,016 bunmhúinteoir cláraithe.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.