Cosnaíonn Keir Starmer an rí tar éis agóidí san Astráil

Tacaíonn Príomh-Aire na Breataine agus ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre le cuairt ríoga an Rí Charles ar an Astráil, ach deir lucht agóide ann gur cheart gurb é seo an ceann deireanach

Tá moladh tugtha ag ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain ar son an Rí Séarlas a chuaigh ar chamchuairt san Astráil.

Tá an rí san Astráil ar chuairt ríoga ach tá méadú ag teacht ina choinne ó phoblachtánaigh agus ó ionadaithe ó na Bundúchasaigh (Aboriginal), ar maraíodh na mílte acu faoi riail na Breataine.

Dúirt Keir Starmer go raibh an rí ina ‘ambasadóir dochreidte’ – ní hamháin don Bhreatain ach freisin do na 56 tír neamhspleácha atá sa chomhlathas (commonwealth) a bunaíodh tar éis d’impireacht na Breataine titim.

Lidia Thorpe
Lidia Thorpe

Bhí Starmer ag labhairt tar éis do Sheanadóir na hAstráile Lidia Thorpe Rí Séarlas a cháineadh le linn a óráid chuig Parlaimint na hAstráile Dé Luain.

Chuir Ms Thorpe ‘cinedhíothú (genocide)’ i leith an rí in aghaidh mhuintir dhúchasach a náisiún i gCanberra.

Dúirt sí: ‘Rinne tú cinedhíothú in aghaidh ár muintire. Tabhair ar ais dúinn ár dtalamh. Tabhair dúinn an méid a ghoid tú uainn – ár gcnámha, ár gcloigeann, ár leanaí, ár muintir.

‘Scrios tú ár dtalamh. Tabhair conradh dúinn. Teastaíonn conradh uainn sa tír seo. Is cinedhíothúchaí thú,’ arsa Thorpe.

‘Ní hé seo do thalamh. Níl tú mo rí. Níl tú ár rí.’

Nuair a fiafraíodh de cad a cheap sé faoi pholaiteoirí ag cáineadh Séarlas Dé Luain, dúirt Starmer: ‘Sílim go bhfuil jab iontach á dhéanamh ag an rí, ina ambasadóir dochreidte, ní hamháin dár dtír féin, ach ar fud an Chomhlathais.’

Fiú sular shroich sé an Astráil, chuir cuairt go dtí iar-choilíneacht na Breataine tús le díospóireacht fhíochmhar faoi cén fáth go mbeadh an ceart ag Breatnach ar bith a bheith ina cheannaire oifigiúil stáit ar an taobh eile den domhan.

Tar éis ionradh (invading) a dhéanamh ar an Astráil ag deireadh an 18ú haois, rinne coilínigh na Breataine sléacht (massacred)  ar na mílte Bundúchasaigh (Aboriginal) agus oileánaigh Torres Strait.

Le blianta fada anuas, tá pobail dhúchasacha na hAstráile ag iarraidh conarthaí idir an rialtas agus na Céad Náisiún sa tír, cosúil leis na cinn a síníodh sa Nua-Shéalainn, i gCeanada, sna Stáit Aontaithe  agus in áiteanna eile.

Kier Starmer
Kier Starmer

Cé gur chuir daoine san Astráil fáilte roimh chuairt Charles, d’éiligh daoine eile gurb é an ceann deireanach é.

Rinne Gluaiseacht Phoblacht na hAstráile, grúpa feachtais a mholann d’Astrálach a beith in áit Séarlas mar cheannaire stáit oifigiúil na tíre, magadh faoin gcuairt ríoga mar rud cosúil le turas deiridh grúpa ceoil atá ag dul in aois.

Sheol an grúpa feachtas an tseachtain seo caite ag iarraidh ar muintir na hAstráile, ‘Wave Goodbye to Royal Reign with Monarchy: The Farewell Oz Tour!’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram