Cruinniú éigeandála ag an Taoiseach le ceannairí Arm na hÉireann faoinár saighdiúirí sa Liobáin

07/10/2024

Tá faitíos ann go bhfuil an scéal ‘an-tromchúiseach’ do shaighdiúirí Arm na hÉireann, agus trúpaí Iosrael ag bogadh níos gaire

Bhí cruinniú éigeandála ag an Taoiseach agus ag ceannairí eile na Comhrialtais le Ceann Foirne Arm na hÉireann oíche Luain chun géarchéim na Liobáine a phlé, dar leis an Irish Daily Mail.

Chuaigh Simon Harris go díreach ó ghlao gutháin le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres chuig cruinniú leis an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy.

Bhí sé ag iarraidh ár bhfórsa síochánaíochta sa Liobáin a phlé, le trúpaí Arm Iosrael gar d’áit na saighdiúirí Éireannacha.

Dúirt foinsí comh-aireachta a raibh aithne acu ar an bplé go bhfuil an scéal éirithe ‘an-tromchúiseach’.

An Taoiseach Simon Harris
An Taoiseach Simon Harris

Nuair a bhuail na ceannairí le Leifteanant-Ghinearál Clancy i seomra amháin, bhuail grúpa eile d’oifigigh shinsearacha an Airm le hoifigigh Rialtais.

Dúirt foinse shinsearach de chuid an Rialtais: ‘Dá mbeadh Óglaigh Iosrael le teacht i gcoimhlint de chineál ar bith lenár nArm, atá, ar ndóigh, faoi bhratach na Náisiún Aontaithe, ní féidir na hiarmhairtí a shamhlú.’

Dúirt foinse go raibh faitíos ann, má bhíonn troid ann idir Hezbollah agus Arm Iosrael, go bhfuil an baol ann go mbuailfidh siad ár gcoimeádaithe síochána de chuid na Náisiún Aontaithe.

I ráiteas a eisíodh tar éis an chomhrá teileafóin leis an Uasal Guterres, dhearbhaigh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe don Taoiseach go bhfuil sábháilteacht coimeádaithe síochána na hÉireann ‘thar a bheith tábhachtach’ dó.

Dúirt sé go mbíonn an scéal á mheas i gcónaí acu agus go ndéanfaí aon bhearta riachtanacha chun sábháilteacht phearsanra na NA a chinntiú.

Dhéanfaí é seo i gcomhoibriú le hÉirinn.

Dúirt an Taoiseach go mbeadh sé do-ghlactha dá sárófaí rúin na NA i ndeisceart na Liobáine ag gníomhaíocht arm Iosrael.

Dúirt an tUasal Guterres gur aontaigh sé féin agus an Taoiseach fanacht i ndlúth-theagmháil.

I ráiteas, dúirt Arm na hÉireann go bhfuil gach pearsanra (personnel) sa Liobáin go maith agus go bhfuil siad ag coinneáil airdeall ar a réimsí misin.

Dúirt sé freisin: ‘In ainneoin na gcoinníollacha deacra, tá trúpaí na hÉireann fós go daingean ina diongbháilteacht chun an misean a chomhlíonadh.

SaighdiúiríArm na hÉireann leis na Náisiúin Aontaithe
SaighdiúiríArm na hÉireann leis na Náisiúin Aontaithe

‘Ba mhaith le hÓglaigh na hÉireann aitheantas agus buíochas a ghabháil le teaghlaigh ár saighdiúirí… Táthar an-bhuíoch as bhur neart, as foighne agus as bhur dtacaíocht dár dtrúpaí ag an am deacair seo.’

Inné, bhris bean a bhfuil a nia teoranta d’urphost de chuid na Náisiún Aontaithe ar theorainn theas na Liobáine ina deora ar Liveline RTÉ, agus d’iarr sí ar an Rialtas ‘é a thabhairt abhaile slán’.

Dúirt an bhean, darb ainm Caroline: ‘Táimid buartha, níl muid ag dul a chodladh, níl muid ag ithe i gceart agus caithfimid iad a fháil ar ais.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram