Rabhadh hairicín do thurasóirí: An aimsir don tseachtain amach romhainn

07/10/2024

Nuashonraithe le haghaidh maidin Dé Máirt: Na tuarascálacha aimsire is déanaí le naisc chuig nuashonruithe (updates) ó Met Éireann 

Táthar ag rá le turasóirí Éireannacha a bheith cúramach agus súil a choinneáil ar réamhaisnéis na haimsire mar go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh trí hairicín trasna an Aigéin Atlantaigh.

Is iad Kirk, Leslie agus Milton na hairicíní, agus táthar ag súil go dtiocfaidh an chéad cheann acu ar an taobh seo den Atlantach níos déanaí an tseachtain seo.

Cé go bhfuiltear ag súil nach mbeidh na trí stoirmeacha in Éirinn, ba chóir do dhaoine atá ag beartú taisteal go codanna den Phortaingéil, iarthuaisceart na Spáinne agus an Fhrainc a bheith cúramach.

Agus fós tá báisteach ag teacht anseo, don tseachtain amach romhainn, dar le Met Éireann.

An aimsir don Mháirt

Beidh an Mháirt scamallach den chuid is mó le ráigeanna báistí, beidh cuid di trom, go háirithe san oirthear.

Beidh an chuid is fearr d’aon tréimhsí gréine sa deisceart. An teocht is airde de 13 go 16 céim, le gaoth éadrom go measartha ó thuaidh.

Oíche Mháirt: Scamaill den chuid is mó le ráigeanna báistí, b’fhéidir trom san oirdheisceart. An teocht is ísle de 8 go 12 céim le gaoth éadrom go measartha ó thuaidh.

An aimsir don Chéadaoin

Beagán scamallach maidin Dé Céadaoin, le ráigeanna báistí go príomha san iarthuaisceart agus san oirdheisceart.

Éireoidh sé níos tirime agus níos gile de réir mar a théann an lá ar aghaidh le tréimhsí gréine i go leor réimsí.

An teocht is airde de 9 go 14 céim le gaoth éadrom go measartha ó thuaidh.

Oíche Chéadaoin: Tréimhsí soiléire agus ceathanna scaipthe, go príomha sa tuaisceart agus san iarthar.

Beidh roinnt ceathanna in aice leis an gcósta thoir freisin, áit a mbeidh sé níos scamallaí.

Beidh sé níos fuaire ná mar a bhí oícheanta beaga anuas, le teocht íseal de 3 go 7 gcéim, i ngaoth éadrom go measartha siar ó thuaidh.

An aimsir don Déardaoin

Tirim den chuid is mó le tréimhsí gréine ach cúpla cith sa tuaisceart agus san iarthuaisceart le gaoth éadrom ó thuaidh le teocht idir 8 agus 12 céim.

Oíche Déardaoin: Tirim agus soiléir den chuid is mó ach níos mó scamaill sa tuaisceart agus san iarthuaisceart níos déanaí, le roinnt ceathanna.

Fuar le teocht ag titim go dtí idir 1 agus 6 céim, le gaoth éadrom go measartha siar go dtí an iarthuaisceart.

An aimsir don Aoine

Scamailleach le ceathanna scaipthe sa tuaisceart agus san iarthar ach níos tirime le tréimhsí gréine i gceantair eile. Teocht is airde de 9 go 13 céim.

An réamhaisnéis don deireadh seachtaine

Fuar le ceathanna ar an Satharn le tréimhsí gréine ó am go chéile, ansin ag casadh níos scamallaí le báisteach nó ceathanna ar an Domhnach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram