Tá laoch an cheoil tíre Garth Brooks cúisithe as éigniú, ionsaí gnéis agus slacairt (battery) i gCalifornia.
Líomhnaíonn an cúisí, darb ainm ‘Jane Roe’, gur ionsaigh an t-amhránaí í agus í fostaithe mar ealaíontóir gruaige agus smididh don amhránaí ó 2017 go 2020.
De réir na líomhaintí, d’éignigh sé Jane Roe tar éis dó taisteal léi go Los Angeles le haghaidh ómós Grammy i mBealtaine 2019.
Deir sé gur chuir Brooks seomra óstán amháin in áirithe don bheirt acu agus go raibh sé nocht níos déanaí sula líomhnaítear gur éignigh sé sa seomra í.
Deir sé go rinne Brooks crúbáil (groped) uirthi go minic, gur roinn sé tuairimí gnéasach gáirsiúil(sexually explicit), agus gur chur sé Jane Roe faoi bhrú dul i mbun gníomhartha gnéis, lena n-áirítear moladh go mbeadh caidreamh triúr acu lena bhean chéile.
Is réalta thíre í a bhean chéile Trisha Yearwood, agus níl aon tráchtaireacht déanta aici ar na líomhaintí.
Deir an líomhain freisin gur ‘thóg sé fón Jane Roe agus gur scrios sé an chuid is mó de na teachtaireachtaí téacs a sheol sé chuici ina raibh ábhar gnéasach ann, le linn seisiún stílithe i 2020.
Tá Brooks tar éis na líomhaintí a shéanadh go láidir, ag glaoch ‘extortion’ ar na héilimh agus tá ráiteas eisithe aige do na meáin.
Dúirt sé, ‘Le dhá mhí anuas, bhí mé faoi stró le bagairtí, bréaga, agus scéalta tragóideacha faoi cad a bheadh i mo thodhchaí mura scríobhfainn seic ar na milliúin dollar.’
Dúirt sé: ‘Is “hush money” é, is cuma cé mhéad nó cé chomh beag atá sé. I m’intinn, ciallaíonn sé sin go bhfuilim ag admháil i m’iompar rud éigin nach bhfuil ar mo chumas a dhéanamh — gníomhartha gránna nár cheart do dhuine ar bith a dhéanamh do dhuine eile.’
Chomhdaigh Brooks a chás cúirte féin freisin i gcúirt fheidearálach Mississippi.
Agus ann d’ainmnigh sé é féin mar an duine cáiliúil a bhí taobh thiar de líomhain dhlíthiúil gan ainm.
Cuireann sé cúisí ar Jane Roe as iarracht a dhéanamh damáiste a dhéanamh dá clú tar éis dó diúltú dá hiarratas ar fhostaíocht ar thuarastal agus ar shochair leighis.
Ina dhiaidh seo sheol a haturnae litir éilimh ‘rúnda’ chuige ina raibh líomhaintí faoi mhí-iompar gnéasach, a dúirt sé.
Tá Brooks ar cheann de na réaltaí is mó sa cheol tíre, go háirithe in Éirinn. Tá dhá ghradam Grammy buaite aige, agus tá níos mó ná 162 milliún albam díolta aige.
Tá cáil mhór air as a chuid oibre carthanachta, go háirithe chun tacú le leanaí agus le fóirithint anachaine (disaster relief).
Dúirt sé: ‘Briseann sé mo chroí na rudaí uafásacha seo atá i gceist anois. Tá muinín agam as an gcóras, níl eagla orm faoin bhfírinne, agus ní mise an fear a phéinteáil siad mé le bheith.’
Tar éis na líomhaintí chuaigh Brooks ar an stáitse Déardaoin ag insint do lucht leanúna: ‘Má bhí oíche riamh ann a raibh sé seo de dhíth orm go mór, ba é anocht an oíche sin! Go raibh maith agat as mo shaol!’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.