An réamhaisnéis náisiúnta aimsire i gcoitinne: Tirim den chuid is mó agus socraithe ar dtús. Ag casadh níos athraitheach(unsettled) don deireadh seachtaine.
An aimsir don Mháirt
Beidh an Mháirt tirim le neart gréine agus cúpla cith éadrom. An teocht is airde de 13 go 16 céim i ngaoth measartha ó thuaidh.
Beidh oíche Mháirt tirim le spéartha soiléire den chuid is mó. An teocht is ísle de 4 go 8 go ginearálta ach beagán níos séimhe ar an gcósta thoir le gaotha measartha thoir thuaidh.
An aimsir don Chéadaoin
Lá geal eile a bheidh ann Dé Céadaoin agus é den chuid is mó tirim, le go leor gréine agus scamall scaipthe. Teochtaí is airde de 13 go 16 céim i ngaotha measartha thoir.
Tirim agus soiléir den chuid is mó oíche Chéadaoin. An teocht is ísle go ginearálta idir 6 agus 9 gcéim le gaotha éadrom anoir.
An aimsir don Déardaoin
Táthar ag súil go mbeidh an Déardaoin ina lá tirim go ginearálta le meascán de scamaill agus tréimhsí gréine. Mar sin féin, tá seans go mbeidh cúpla cith san iardheisceart níos déanaí sa lá. Teocht is airde de 13 go 16 céim i ngaoth measartha oirdheisceart. Scamaill agus gaofar oíche Déardaoin le seans cúpla cith éadrom ó dheas agus thiar ach beidh sé tirim in aon áit eile. An teocht is ísle de 9 go 12 céim le gaotha ó dheas.
An aimsir don Aoine
Beidh sé gaofar Dé hAoine le neart scamall agus seans go dtiocfaidh forbairt ar an mbáisteach ó dheas agus san iarthar tráthnóna. Teochtaí de 14 go 17 céim i ngaotha úra ó dheas.
Réamhaisnéis don Deireadh Seachtaine
Tá an chuma ar an scéal gur deireadh seachtaine sách athraitheacha bheidh ann agus brú íseal san Atlantach ag tabhairt isteach bannaí báistí agus ceathanna uaireanta.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.