Brú ar an Rialtas maidir le Bille i gcoinne ionsaithe ar na Palaistínigh

25/09/2024

Tá méadú ag teacht ar thacaíocht do Bhille a chuirfeadh stop le trádáil leo siúd atá ag cur iallach go mídhleathach ar na Palaistínigh a dtithe a fhágáil

Bhailigh grúpa diongbháilte daoine le chéile taobh amuigh den Dáil tráthnóna Dé Máirt chun achainí (petition) Palaistíneach a sheachadadh.

Tá sé sínithe ag breis is 40,000 duine, ag éileamh beart, in ionad focail, ón Rialtas chun muintir na Palaistíne a shábháil ó bheith maraithe ina mílte.

Dúirt an Seanadóir Black leis an gcruinniú go raibh na Náisiúin Aontaithe tar éis bogadh cheana féin
Dúirt an Seanadóir Black leis an gcruinniú go raibh na Náisiúin Aontaithe tar éis bogadh cheana féin

Tugadh an achainí (petition) ó Chathair Saidhbhín (Cahirsiveen), Co. Chiarraí, gar do theach, Daniel O’Connell,  ar shiúlóid  341km, go dtí an Dáil chun tacú leis an tsíocháin do mhuintir na Palaistíne.

Mheabhraigh duine d’eagraithe na siúlóide, Breandán Ó Caoimh, as Cathair Saidhbhín, an ról a bhí ag Daniel O’ Connell in athrú síochánta a dhéanamh chun cabhrú le daoine.

Ar an mbealach, bhuail lucht tacaíochta le lucht na siúlóide agus, lasmuigh den Dáil tráthnóna Dé Máirt, bhí bratacha ó an-chuid contaetha ar foluain taobh le bratach na hÉireann agus bratach na Palaistíne.

Ba é an rud a theastaigh uaidh na daoine seo ná go mbeadh an Rialtas sásta an Bille um Chríocha faoi Fhorghabháil (Occupied Territories Bill, 2018) a achtú (enact), chun stop a chur le hionradh ar áiteanna cónaithe na dteaghlach Palaistíneach ag daoine ón taobh amuigh.

Tá sé ráite cheana féin ag formhór na dTeachtaí Dála go dtacaíonn siad leis an mBille, a chuirfeadh cosc ​​ar allmhairiú (importation) nó díol earraí a dhéantar i lonnaíochtaí mídhleathacha (illegal settlements) sa Bhruach Thiar (West Bank) agus Gaza.

Thug an Seanadóir Francis Black, an t-amhránaí, an Bille isteach sa Seanad i 2018, ach in ainneoin marú na bPalaistíneach i nGaza agus ar an mBruach Thiar, agus an tseachtain seo sa Liobáin, níl an Rialtas tar éis é a achtú.

Sin an fáth a raibh an agóid shíochánta ar siúl ag an Dáil, agus gur éist siad le hóráidí agus chan siad amhráin, ná go raibh siad ag iarraidh tacú leis na híospartaigh, ag an am céanna a raibh ceannairí rialtais, ó ar fud an domhain, bailithe le chéile le haghaidh chruinniú de chuid na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, áit a bhfuiltear ag súil go n-éistfidh siad le hóráid ó Phríomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu Dé hAoine, tar éis marú na céadta fear, bean agus leanbh ag fórsaí armtha Iosrael an tseachtain seo sa Liobáin.

Bhí bratacha ó an-chuid contaetha ar foluain taobh le bratach na hÉireann agus bratach na Palaistíne
Bhí bratacha ó an-chuid contaetha ar foluain taobh le bratach na hÉireann agus bratach na Palaistíne

Is grúpa beag daoine, an South Kerry Friends of Palestine, a d’eagraigh an agóid lasmuigh den Dáil, ach thacaigh go leor eile lena n-áirítear aisteoirí agus ceoltóirí leo.

Dúirt an Seanadóir Black leis an gcruinniú go raibh na Náisiúin Aontaithe tar éis bogadh cheana féin chun tacú le gníomhaíochtaí in aghaidh na lonnaíochta  mídhleathacha sa Phalaistín, mar sin go bhfuil dualgas ar an Rialtas faoin dlí idirnáisiúnta.

Dúirt sí: ‘Ba mhaith le muintir na hÉireann beart a fheiceáil ón Rialtas.

‘Táimid ag rá go gcaithfidh Éire dul i ngleic le cearta daonna idirnáisiúnta i ndáiríre.

‘Is faoin dlí idirnáisiúnta agus cearta daonna atá sé, mar sin caithfimid an Bille a achtú.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram