Rabhadh Stádas Buí le báisteach agus gaotha: An aimsir ó Met Éireann

25/09/2024

Nuashonraithe le haghaidh maidin Déardaoin: Na tuarascálacha aimsire is déanaí le naisc chuig nuashonruithe (updates) ó Met Éireann 

Tá rabhadh Stádas Buí eisithe ag Met Éireann, le báisteach agus gaotha, do Bhaile Átha Cliath agus do Chill Mhantáin (Wicklow) Déardaoin.

Deir sé go mbeidh báisteach throm agus gaotha láidre trí cheantair Chúige Laighean.

Tiocfaidh an rabhadh i bhfeidhm ó mheán lae Déardaoin go dtí 8pm do chontaetha Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin (Wicklow).

Tá rabhadh tugtha ag Met Éireann go bhfuil seans ann go mbeidh tuilte agus go gcuirfear isteach ar thaisteal bóithre agus ar iarnród.

An Aimsir don Déardaoin don chuid eile den tír

Beidh an Déardaoin scamallach don chuid is mó le ráigeanna báistí i gCúige Uladh, i gCúige Laighean agus i dtuaisceart Chonnacht ag síneadh go gach ceantar i rith an lae.

Beidh an bháisteach trom uaireanta, go háirithe san oirthear agus d’fhéadfadh tuilte a bheith ann freisin. Tiocfaidh aimsir níos tirime chun cinn i dtuaisceart Uladh um thráthnóna.

An teocht is airde de 9 go 13 céim le gaotha measartha go húr ó thuaidh, ag méadú láidir agus scuabach(gusty) in aice leis an gcósta thoir i dtreo tráthnóna.

Tosóidh oíche Dhéardaoin scamallach agus fliuch le báisteach i go leor réimsí. Glanfaidh an bháisteach de réir a chéile ó dheas thar oíche le sealanna soiléire agus cúpla cith ina dhiaidh sin.

An teocht is ísle de 6 go 9 gcéim le gaotha measartha ó thuaidh.

An Aimsir don Aoine

Lá fionnuar (cool) geal a bheidh ann Dé hAoine le tréimhsí gréine agus ceathanna scaipthe, go príomha i gCúige Uladh, i gCúige Chonnacht agus in iarthar na Mumhan.

Beidh siad níos scoite (isolated) san oirthear agus san oirdheisceart.

Teochtaí is airde de 10 go 14 céim le gaotha measartha thuaidh agus thiar thuaidh.

Beidh oíche Aoine fuar agus tirim go príomha le tréimhsí soiléire. B’fhéidir go mbeidh sioc féar ann freisin, le teocht is ísle de 2 go 6 céim.

An Aimsir don Satharn

Beidh an Satharn fionnuar agus geal le tréimhsí gréine agus ceathanna scaipthe go maith, iad seo go príomha san iarthar agus sa tuaisceart.

Teochtaí is airde de 11 go 13 céim le gaoth éadrom go measartha thiar den chuid is mó. Beidh oíche Shathairn tirim le tréimhsí soiléir agus teocht is ísle de 4 go 7 gcéim.

An Aimsir don Domhnach

Ar maidin Dé Domhnaigh, beidh báisteach san iardheisceart agus beidh sé ag dul soir ó thuaidh chuig gach limistéar mar aon le gaotha.

Beidh an bháisteach trom uaireanta, go háirithe i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean agus d’fhéadfadh tuilte a bheith ann.

Teocht is airde de 11 go 15 céim. Leanfaidh báisteach oíche Dhomhnaigh, ach glanfaidh sé soir de réir a chéile thar oíche agus go luath Dé Luain.

An réamhaisnéis reatha don Luan

I láthair na huaire, tá an chuma ar an scéal go mbeidh an Luan fionnuar le solas na gréine agus ceathanna agus gaotha measartha.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram