Mharaigh Iosrael 9 duine – cailín 10 mbliana d’aois ar dhuine acu – agus ghortaigh siad 4,000 le pléascanna i ‘pagers’

Chuir gníomhairí Iosraelacha ábhar pléascach i bhfolach i mbaisc nua ‘pagers’ a allmhairíodh isteach sa Liobáin ó Taiwan, de réir tuairisc sa New York Times.

Maraíodh 9 duine ar a laghad – cailín 10 mbliana d’aois san áireamh – agus gortaíodh 4,000 tar éis do ‘pagers’ pléascadh sa Liobáin.

Dúirt an aireacht sláinte (health ministry) sa Liobáin go bhfuil 200 díobh siúd a gortaíodh i riocht criticiúil.

Bhí Iosrael freagrach as na pléascáin, de réir tuarascála sa New York Times.

Tharla na pléascanna ar pagers in áiteanna éagsúla sa Liobáin, áit a bhfuil trúpaí Éireannacha lonnaithe mar choimeádaithe síochána
Tharla na pléascanna ar pagers in áiteanna éagsúla sa Liobáin, áit a bhfuil trúpaí Éireannacha lonnaithe mar choimeádaithe síochána

Deir an tuarascáil gur chuir gníomhairí Iosraelacha ábhar pléascach i bhfolach i mbaisc nua ‘pagers’ a allmhairíodh isteach sa Liobáin ó Taiwan.

Dúradh gur cuireadh in iúl d’oifigigh Mheiriceá agus d’oifigigh eile faoin oibríocht.

Cuireadh thart ar unsa (ounce) nó dhó den ábhar pléascach in aice leis an gceallra (battery) i ngach ‘pager’, a dúirt siad.

Cuireadh lasc (switch) isteach freisin, a d’fhéadfaí a spreagadh go cianda (remotely) chun na pléascáin a dhéanamh.

Ag 3.30pm, am áitiúil sa Liobáin Dé Máirt, fuair na ‘pagers’ teachtaireacht a bhí cosúil le bheith ó cheannaireacht Hezbollah.

Ina áit sin, chuir an teachtaireacht i ngníomh na pléascáin, dúirt na foinsí.

Tharla na pléascanna in áiteanna éagsúla sa Liobáin, áit a bhfuil trúpaí Éireannacha lonnaithe mar choimeádaithe síochána, agus bhí tuairiscí ann gur tharla roinnt díobh sa tSiria

Bhí an cailín óg a maraíodh le ‘pager’ ina iníon de bhall Hezbollah in oirthear Gleann Bekaa na Liobáine.

Gortaíodh ambasadóir na hIaráine (Iran) go dtí an Liobáin freisin, ach ní raibh a ghortuithe tromchúiseacha.

Tá seirbhís rúnda Iosrael i mbun feallmharú ceannairí Hamas agus Hezbollah le blianta fada anuas.

Mar sin féin, léireodh sé seo méadú suntasach ar fhoréigean, agus deir go leor seaneolaithe san iarthar go n-aistríonn sé seo rudaí sa réigiún.

Bhí Hezbollah ag baint úsáide as ‘pagers’ mar mhalairt ar fhóin phóca, ar féidir iad a traiceáil agus a úsáid chun ionsaí diúracáin marfach a aimsiú.

Ba leagan nua iad na ‘pagers’ a phléasc, leagan a rinne cuideachta a bhféadfadh a slabhra soláthair (supply cháin) a bheith i gcontúirt, de réir tuairiscí.

Dúirt Jeanine Hennis-Plasschaert, comhordaitheoir speisialta na Náisiún Aontaithe don Liobáin, gur léirigh na pléascanna ‘pager’ ar fud na tíre ‘ardú mór imníoch i gcomhthéacs atá do-ghlactha cheana féin’.

Liosta na daoine amaraíodh i nGaza
Liosta na daoine amaraíodh i nGaza

Chomh maith leis sin, tá aireacht sláinte Gaza tar éis liosta a fhoilsiú de na hainmneacha, aoiseanna, inscne agus uimhreacha aitheantais de 34,344 Palaistíneach a maraíodh ag ionsaithe Iosrael ar an gcríoch.

Palaistínigh nár aithníodh an 7,613 duine eile, as 41,000 a fuair bás.

Áirítear ar liosta na marbh 169 leanbh a rugadh tar éis ionsaithe Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram