

Is leigheas póite (hangover cure) é atá thart chomh fada le halcól – ach anois deir saineolaithe nach gcuidíonn ól uisce le daoine fáil réidh le póit.
Tá go leor saineolaithe sláinte ag leanúint ar aghaidh ag moladh uisce chun déileáil le hiarmhairtí an iomarca alcóil.

Mar sin féin léiríonn taighde nua nach ndéanann sé ach beagán nó tada chun an tionchar a bhíonn ag an iomarca deochanna a bheith agat an oíche roimhe a chaolú.
Thug eolaithe ó Ollscoil Utrecht, san Ísiltír, (Netherlands), sonraí ó thrí staidéar éagsúla le chéile agus fuair siad amach nach ndéanann uisce aon difríocht don chaoi a mbraitheann tú an lá dár gcionn.
Bhí na céadta mac léinn, a théann amach go rialta chun sóisialú agus a théann chuig cóisirí, i gceist leis na staidéir.
Thaifead na heolaithe comharthaí póite (hangover) orthu siúd a d’ól uisce sula ndeachaigh siad a luí agus iad siúd nár ól é.
Léirigh na torthaí, a foilsíodh san iris, Alcohol, cé gur bhraith na daoine sin a d’ól é go raibh siad níos lú faoi dhíhiodráitithe, fós bhí an oiread céanna masmas (nausea), ídithe (exhaustion) agus pian orthu agus a bhí ag mic léinn nár ól an t-uisce.
Dúirt na taighdeoirí: ‘Má ólfar uisce le linn seisiún óil, nó díreach tar éis é, ní chuidíonn sé sin le duine chun póiteanna a chosc.
‘Agus níl baint mhór ag an méid uisce a óltar i rith an lae le póite nó cé chomh dian is atá an póit.’

Bíonn tionchar mór ag póiteanna ar fhórsa saothair na hÉireann.
Fuarthas amach i suirbhé a rinneadh in 2019, ar níos mó ná 400 oibrí, go dtógann beagnach 50% de dhaoine in Éirinn, ar a laghad, lá breoite (sick day) amháin bréagach ón obair gach bliain agus go raibh póiteanna ina fhachtóir suntasach i 24% de na cásanna sin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.