Tá Sean ‘Diddy’ Combs cúisithe as gáinneáil ghnéis (sex trafficking) agus as ‘racketeering’

Tá Sean Combs, ar a dtugtar freisin Diddy agus Puff Daddy, á agairt (being sued) freisin mar gheall ar liomhain faoi ionsaí gnéis ag cúigear ban

Tá an léiritheoir ceoil hip-hop Sean Combs gafa agus creideann a dhlíodóir Marc Agnifilo go mbeidh sé cúisithe as cambheartaíocht (racketeering) agus gáinneáil gnéis (sex trafficking).

Tá sé i dtrioblóid le tamall anuas mar gheall ar chásanna cúirte a líomhain ionsaí gnéis agus imscrúdú feidearálach.

Gabhadh é in óstán Manhattan tráthnóna Dé Luain tar éis do ghiúiré mhór (grand jury) é a dhíotáil (indict).

Combs le Cassie
Combs le Cassie

Is é Combs, atá 54 bliain d’aois, an figiúr is airde próifíl i saol an cheoil le tabhairt faoi chúisimh choiriúla as mí-iompar gnéasach le blianta fada anuas.

Tugtar Diddy agus Puff Daddy air freisin agus ba phríomhdhuine é in ardú domhanda hip-hop mar fhórsa tráchtála sna 1990í agus 2000í.

Chuidigh sé le ‘rappers’ agus amhránaithe R&B ar nós an Notorious B.I.G. agus Mary J. Blige.

Mar sin féin, tá sé faoi scrúdú poiblí ó chuir iar-chailín leis, Casandra (Cassie) Ventura, tús le cás cúirte i mí na Samhna seo caite agus é cúisithe i mblianta de mhí-úsáid ghnéasach agus fisiceach.

Shocraigh Combs an cás sin in aon lá amháin, agus shéan sé aon éagóir.

Mar sin féin bhí níos mó brú dlíthiúil ann dó. Thóg cúigear ban eile cásanna cúirte ina choinne, ag líomhain ionsaí gnéis agus trí chás eile de mhí-iompar gnéis.

Dúirt a fhoireann dlí i ráiteas gur gníomhartha fir neamhchiontach iad seo agus nach raibh sé ag iarraidh aon rud a chur i bhfolach, agus ‘tá sé ag tnúth lena ainm a ghlanadh sa chúirt’.

I mí an Mhárta, thug gníomhairí feidearálacha (federal agents) ruathar (raid) ar thithe Combs i Los Angeles agus i Miami Beach, Florida.

Ag an am, dúirt foinse fheidearálach gur imscrúdú gáinneála a bhí i gceist, go páirteach ar a laghad.

Faoin am sin bhí ionchúisitheoirí (prosecutors) i Nua-Eabhrac tar éis agallamh a chur ar roinnt finnéithe (witnesses) faoi líomhaintí mí-iompair gnéis i gcoinne Combs.

Shéan sé go láidir na líomhaintí sna cásanna sibhialta.

Ina ghairm bheatha, chabhraigh sé le ceol hip-hop lena lipéad taifead, Bad Boy Entertainment
Ina ghairm bheatha, chabhraigh sé le ceol hip-hop lena lipéad taifead, Bad Boy Entertainment

Mar sin féin, d’fhoilsigh CNN píosaí scannáin as óstán, i mí na Bealtaine, a léirigh Combs ag ionsaí go fisiceach agus ag ciceáil Ms Ventura i 2016.

Chuir Combs físeán leithscéalta ar na meáin shóisialta ina dúirt sé go raibh a iompar ‘do-ghlactha’ agus dúirt sé go raibh cabhair ghairmiúil á lorg aige.

Ina ghairm bheatha, chabhraigh sé le ceol hip-hop lena lipéad taifead, Bad Boy Entertainment.

Ar feadh na mblianta, bhí sé cúisithe as foréigean. Sa bhliain 2001, bhí sé ina ábhar trialach faoi lámhach club oíche, áit ar éigiontaíodh é ar chúisimh gunnaí agus breabaireachta.

Le blianta beaga anuas, ghlac sé le ‘persona’ nua, ag iarraidh ar dhaoine ‘Love’ a thabhairt air, ag ainmniú a iníon is nuaí Love agus ag ainmniú a chéad albam stiúideo aonair le 17 mbliana ‘The Love Album: Off the Grid’,


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram