Tá Sean Combs, an íocón hip-hop agus bunaitheoir Bad Boy Records, cúisithe as éigniú agus mí-úsáid.
Chuir an t-amhránaí Cassie cás mór cúirte isteach a líomhnaíonn (alleges) gur úsáid Combs a líonra cumhachtach (powerful network) chun í a choinneáil gafa i gcaidreamh foréigneach (violent) leis.
Bhí Cassie, a bhfuil a ainm dlíthiúil Casandra Ventura, ag dul amach le Combs ar feadh níos mó ná deich mbliana.
Líomhnaíonn sí gur thug Combs ionsaí uirthi go minic le linn a gcaidrimh – í a bhualadh agus a éigniú – agus go ndearna sé rialú ar gach gné dá saol, thuairiscigh an New York Times den chéad uair Déardaoin.
Bhí ‘seal mí-úsáide, foréigin agus gáinneála gnéis (sex trafficking)’ uirthi go dtí gur tháinig deireadh lena gcaidreamh in 2018, de réir an cháis in aghaidh Combs.
Dúirt sí i ráiteas don Times go raibh sí ‘ar deireadh thiar’, blianta i gciúnas agus dorchadas’, ‘réidh faoi dheireadh mo scéal a insint, agus labhairt ar mo shon féin agus ar mhaithe le mná eile a bhfuil foréigean agus mí-úsáid i ndán dóibh’.
Shéan ionadaí do Combs, a bhfuil an t-ainm Puff Daddy, P Diddy, Diddy agus Love air, na héilimh, ag scríobh go raibh na líomhaintí ‘maslach’ agus tháinig sé tar éis do Ventura $30 milliún a éileamh uaidh.
‘Tá Ms Ventura tar éis dul i muinín dlíthíocht a chomhdú a raibh bréaga gan bhunús leis, agus é mar aidhm aici clú an Uasail Combs a mhilleadh agus lá pá a lorg,’ a deir an ráiteas.
Dúirt dlíodóir do Ventura leis an New York Times gur tairgeadh ‘ocht bhfigiúr di chun í a chur ina tost agus cosc a chur ar chomhdú an dlí seo’, rud a dhiúltaigh sí.
Léiríonn an cás dlí pictiúr dorcha dá gcaidreamh inar líomhnaítear go bhfuair Combs smacht ar a saol pearsanta agus gairmiúil.
Reáchtálann Combs, buaiteoir Grammy trí huaire, impireacht gnó a chuimsíonn gach rud ó alcól go ceol agus tá sé ina dhuine mór hip-hop ó bhunaigh Bad Boy Records i 1993, ag obair go dlúth le ceoltóirí mar an Notorious BIG, Mary J Blige agus Lil Kim.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.