An aimsir don Luan, agus réamhaisnéis don chuid eile den tseachtain ó Met Éireann

15/09/2024

Nuashonraithe maidin Dé Luan: Na tuarascálacha aimsire is déanaí le naisc chuig nuashonruithe (updates) ó Met Éireann 

.Dearcadh ginearálta: Te agus tirim don chuid is mó le tréimshí geala nó gréine agus teochtaí sna déaga arda go dtí na 20idí íseal.

An aimsir don Luan

Beidh an Luan tirim le tréimhsí gréine, an chuid is fearr díobh seo thar leath oirthear na tíre. Beidh beagán níos mó scamall níos faide siar agus roinnt ceobhráin uaireanta ar chósta an iarthair.

Beidh sé te le teochtaí is airde de 17 go 21 céim le gaotha éadrom den chuid is mó.

Beidh oíche Luain tirim le tréimhsí geala i go leor réimsí. Beidh sé beagán níos scamallaí i gcodanna den iarthar agus san iarthuaisceart le roinnt ceobhráin.

An teocht is ísle ó 8 gcéim san oirdheisceart go 13 nó 14 céim san iarthuaisceart le gaoth éadrom.

An aimsir don chuid eile den tseachtain

Beidh an chuid eile den tseachtain ar fad tirim le tréimhsí gréine agus teochtaí is airde de 17 go 21 nó 22 céim. Beidh gaoth éadrom go measartha agus beidh sé is fuaire san oirthear agus is teo i lár na tíre agus san iarthar.

Beidh na hoícheanta tirim le tréimhsí geala agus d’fhéadfadh ceo nó ceobhráin a bheith ann. Beidh na teochtaí is ísle thart ar 7 go 11 céim.

An aimsir don deireadh seachtaine seo chugainn

Tugann an tuar reatha le tuiscint go mbeidh seans níos mó ann go mbeidh ceathanna ann an deireadh seachtaine seo chugainn agus an teocht ag titim siar.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram