Chuir Leas-Uachtarán Mheiriceá Kamala Harris Donald Trump faoi bhrú sa chéad díospóireacht idir an dá iarrthóir le bheith ina chéad uachtarán eile sna Stáit Aontaithe.
Ag pointe amháin bhí Harris ag gáire os ard nuair a dúirt Trump go raibh inimircigh ag marú agus ag ithe peataí daoine agus ag pointe eile ceartaíodh é nuair a dúirt sé go raibh leanaí á marú i roinnt stát.
Agus nóiméad tar éis deireadh na díospóireachta dúirt Taylor Swift lena milliúin leanúna go raibh sí ag vótáil ar son Harris in aghaidh Trump.
Lean Swift ar aghaidh ag séanadh Trump as a chuid polaitíochta agus fiú ghabh sí a leithscéal as gan a thuilleadh a dhéanamh chun seasamh ina aghaidh.
Mar sin i dtráthnóna amháin chuir beirt bhan chumhachtacha brú ar Trump agus ar a chuid polaitíochta.
Arís agus arís eile cháin Harris Trump as a chiontuithe coiriúla (criminal convictions), an láimhseáil a rinne sé ar an bpaindéim Covid-19, méid na sluaite ag na ‘rallies’ a bhí aige agus na ceannairí eachtracha agus míleata a thug ‘náire’ air.
‘Tá sé in am an leathanach a chasadh,’ a dúirt Harris le seasamh láidir a raibh an chuma air gur bhain sí leas as a slí bheatha mar ionchúisitheoir (prosecutor) seomra cúirte.
Is minic a ghlac Trump an bhaoite (bait), agus é ag freagairt Harris le scata mífhaisnéise (misinformation) agus ionsaithe pearsanta.
Leag an díospóireacht, an chéad chruinniú duine-le-duine riamh idir Harris agus Trump, béim ar an méid atá athraithe sa rás ó thit an tUachtarán Biden amach.
Bhí Harris den chuid is mó in ann teachtaireacht shoiléir a sheachadadh. Bhí cuma feargach agus cosantach ar Trump.
Ach cé go raibh go leor malartuithe fíochmhar ann, ní raibh an chuma ar an scéal go raibh buille buailte ann a d’fhéadfadh athrú bunúsach a dhéanamh ar dhinimic an toghcháin a bheidh thar a bheith gar i mí na Samhna, de réir gach beart.
Ina post, dúirt Taylor Swift gur chuir díospóireacht na hoíche ina luí uirthi tacaíocht phoiblí a thabhairt do Harris.
‘Ar nós go leor agaibh, d’fhéach mé ar an díospóireacht’ a scríobh Taylor ar Instagram chuig a 283 milliún leantóir.
‘Beidh mé ag caitheamh mo vóta ar son Kamala Harris agus Tim Walz i dToghchán an Uachtaráin 2024.
‘Táim ag vótáil ar son @kamalaharris mar bíonn sí ag troid ar son na gceart.’
Shínigh sí a post mar ‘Childless Cat Lady’, tagairt do thuairimí a rinne comhghleacaí Trump, an Seanadóir JD Vance as Ohio, faoi mhná gan leanaí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.