Beidh Apple AirPods mar áis éisteachta (hearing aid) go luath – agus sábhálfaidh siad €1,000 duit

10/09/2024

Tá Apple ag forbairt AirPods le tástáil éisteachta (hearing test) atá á cheadú (approved) faoi láthair ag rialtóirí sláinte Mheiriceá

Deir Apple go bhféadfaí a AirPods – chluasáin gan sreang – a úsáid go luath mar áiseanna éisteachta ag ‘leibhéal cliniciúla’.

D’fhéadfadh go gciallódh an fhorbairt nach mbeadh ar go leor daoine a mbíonn orthu íoc as tástáil éisteachta agus as áis éisteachta é sin a dhéanamh a thuilleadh.

Dúirt Apple go mbeidh an ghné ag AirPods leis an gcéad nuashonrú bogearraí (software update) eile agus go neartóidh (boost) sé fuaimeanna i bhfíor-am.

AirPods 2
Deir Apple go bhféadfaí a AirPods – chluasáin gan sreang – a úsáid go luath mar áiseanna éisteachta ag ‘leibhéal cliniciúla’.

Cuirfear feabhas ar chodanna cainte, a dúirt an chuideachta.

Beidh an nuashonrú saor in aisce ar na cluasáin Bluetooth ar fáil níos déanaí an mhí seo mar chuid de iOS 18 –  córas oibriúcháin Apple dá ghléasanna soghluaiste (mobile devices).

D’fhéadfadh an t-aistriú margadh na háiseanna éisteachta a mhilleadh mar go gcosnaíonn áiseanna éisteachta thart ar €1,000 nó níos mó. Cosnaíonn AirPods Pro 2 thart ar €220.

Tar éis nuashonrú a dhéanamh, déanann úsáideoirí tástáil éisteachta atá bailíochtaithe (validated) go cliniciúil –  cúig huaire.

Is féidir na torthaí a fheiceáil ansin in aip shláinte an fhóin phóca.

Ag a fhógra táirge bliantúil, dúirt Apple go bhfuil an tástáil éisteachta á cheadú faoi láthair ag rialtóirí na Stát Aontaithe agus go bhfuil siad ag súil le ceadú ‘go luath’.

Má aimsítear caillteanas éisteachta, beidh an modh áis éisteachta ar fáil le húsáid.

D’fhógair Apple freisin gné don 10ú eagrán dá Apple Watch a inseoidh d’úsáideoirí má tá amhras orthu go bhfuil ‘apnea’ codlata acu – sé sin tinneas  a fhágann go stopann tú análaithe (breathing) agus tú i do chodladh.

Dheimhnigh ceannaire Apple, Tim Cook, teacht ar a iPhone 16 freisin, ag taispeáint a chumais AI.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram