Beidh an aimsir ag casadh níos teo ar an Aoine agus ag an deireadh seachtaine, le tréimhsí gréine agus b’fhéidir cúpla cith trom, go háirithe san oirthear agus sa deisceart.
An Aimsir Dé Céadaoin
Tús scamallach le roinnt ceathanna, ag imeacht go mall. Roinnt tréimhsí geala nó grianmhara uaireanta i rith an tráthnóna, ach cúpla cith sa deisceart agus san iarthar. Teocht is airde de 14 go 18 céim agus gaotha measartha ó thuaidh.
Beidh na ceathanna imithe den chuid is mó le tréimhsí fada soiléire ann san oíche. Beidh gaoth ó thuaidh fuar le teocht is ísle de 8 go 11 céim agus roinnt paistí ceo thar oíche.
An Aimsir Déardaoin
Tá an chuma ar an scéal go n-éireoidh sé scamallach ar fud oirthear na tíre Déardaoin agus seans go mbeidh báisteach ann uaireanta i gCúige Laighean agus in oirthear na Mumhan.
Tugann na táscairí reatha le tuiscint go gcoinneoidh sé tirim níos faide san iarthar le tréimhsí maithe gréine, go háirithe i gceantair chósta an Atlantaigh.
Teochtaí aird de 16 go 19 céim le gaotha measartha agus úr ó thuaidh.
Seans go mbeidh tuilleadh báistí nó ceobhrán ann in áiteanna thoir agus theas oíche Déardaoin ach beidh sé tirim den chuid is mó in áiteanna eile.
Beidh ceo ann. Teocht is ísle de 12 go 15 céim.
An Aimsir Dé hAoine
Te agus tais (humid) le tréimhsí gréine i go leor réimsí. Mar sin féin, tá an chuma ar an scéal go mbeidh sé níos scamallaí i gceantair chósta theas mar a bhfuil seans ann go mbeidh báisteach agus ceo ann.
Teochtaí ag dul ó 21 go 24 céim le gaotha measartha agus úr ó thuaidh.
Te agus tais oíche hAoine le ceo agus ceobhrán (mist) in áiteanna. Cé go mbeidh cuid mhór den tír tirim tá seans ann go dtiocfaidh forbairt ar chúpla duartan (downpour) trom i ndeisceart Laighean agus i ndeisceart na Mumhan.
An teocht is ísle de 12 go 15 céim le gaoth éadrom go measartha thoir thuaidh.
An Aimsir Dé Sathairn
Beidh ceo agus ceobhrán ag imeacht ó fhormhór na gceantar ar maidin Dé Sathairn chun meascán de scamall agus de ghrian the a fhágáil.
Is cosúil go mbeidh sé tirim den chuid is mó, ach tá seans ann go mbeidh cúpla cith trom ann, go háirithe ar fud na leithe theas den tír.
Teochtaí is airde de 21 go 24 céim ach beagán fuair ag an gcósta. D’fhéadfadh ceo agus ceobhrán sileadh isteach ar imeall an chósta uaireanta.
Taise oíche Shathairn le ceo agus ceobhrán. Seans go mbrisfidh cúpla cith trom amach i ndeisceart na tíre ach beidh formhór na gceantar tirim. An teocht is ísle de 13 go 16 céim i ngaotha thuaidh éadrom.
An Aimsir Dé Domhnaigh
Tugann na comharthaí reatha le fios go mbeidh sé measartha scamallach ar an Domhnach agus seans go mbeidh cúpla cith ann. Buaicphointí 16 go 20 céim.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.