Pictiúr ón am: D’imir Noel Gallagher i bPáirc an Chrócaigh (Croke Park) nuair a bhí sé 16 – agus fuair sé cúilín iontach

01/09/2024

Cuimhníonn cairde óige na ndeartháireacha Gallagher an t-am ar tháinig a bhfoireann CLG (GAA) as Manchain (Manchester) go Baile Átha Cliath chun imirt i bPáirc an Chrócaigh

D’imir na deartháireacha Gallagher as Oasis i bPáirc an Chrócaigh. D’imir siad peil – agus bhí spraoi acu ar an pháirc agus amach as.

Bhí Noel Gallagher, a rugadh i 1967, 16 ag an am, agus scóráil sé cúilín.

Tá seanchara tar éis labhairt faoin am a d’imir siad do Chlub Oisín as Manchain (Manchester) .

gallager gaa feat
Noel le Club Oisín ó Mhanchan (Manchester), i bPáirc an Chrócaigh i 1983. Sa tsraith tosaigh, sa dara háit ó chlé, tá a dheartháir Paul agus Sean Mac Néill sa tríú háit ó dheis

Tá Noel, ar cuireadh síos air mar pheileadóir maith, le feiceáil i ngrianghraf don fhoireann a d’imir i bPáirc an Chrócaigh agus é ina dhéagóir.

Bhí a ndeartháir níos sine Paul Gallagher san fhoireann freisin don chluiche sin i 1983 i gcoinne Chill Mochuda na Crócaigh (Kilmacud Crokes).

D’imir Liam, ar cuireadh síos air mar ‘choimeádaí maith ar an liathróid’, le haghaidh Oisín freisin.

Tá sé cúig bliana níos óige ná Noel, agus ní raibh sé sa chluiche i bPáirc an Chrócaigh i 1983.

Dúirt iar-imreoir Oisín, Seán Mac Néill, gur chaill siad go dona in aghaidh fhoireann Átha Cliath.

Bhí Noel Gallagher, a rugadh i 1967, 16 ag an am, agus scóráil sé cúilín
Bhí Noel Gallagher, a rugadh i 1967, 16 ag an am, agus scóráil sé cúilín

Rugadh Sean i Manchain do thuismitheoirí ó Mhaigh Eo.

Dúirt sé: ‘Bhí muid óg an uair sin agus bhíomar amuigh i mBaile Átha Cliath an oíche roimhe. Mar a dhéanfá mar ghasúr óg.

‘Tá súil agam nach mbeidh mé i dtrioblóid tar éis é sin a rá.

 ‘Seans go raibh cúpla pionta ag cúpla duine againn, agus tháinig muid ar ais go déanach san oíche.

‘Agus bhíomar tuirseach traochta an lá dár gcionn.’

Ach ní raibh súil ag an bhfoireann go mbeadh an bua acu ar aon nós.

Bhraith siad an onóir a bhí ann mar go raibh siad chomh hóg agus fós d’imir siad i bPáirc an Chrócaigh.

Dúirt Seán go raibh Paul Gallagher beagán mall toisc go raibh sé sách ‘tubby’.

Mar sin féin, scóráil Noel ‘cúilín iontach’ an lá sin. Agus bhí sé ‘cosúil le fuipéad (whippet) beag’.

Rinne Seán cur síos ar an deartháir cáiliúil Gallagher.

Dúirt sé: ‘Bhí sé beag, ach bhí sé ina leaid beag crua. Bhí sé tapa go leor.’

Bhí Noel ar dhuine de na leaids freisin. Ach níl an iomarca cuimhní ag Seán ar Liam Gallagher.

Tá Kevin, deartháir níos óige Sheáin, anois ina leaschathaoirleach ar chlub Oisín. Agus d’imir sé sna foirne céanna leis na deartháireacha Gallagher.

Liam agus Noel
Liam agus Noel

Dúirt sé: ‘D’imir Liam i lár na páirce. Bhí sé ard go leor, mar sin bhí sé in ann an liathróid a fháil san aer.

‘Is léir go raibh sé fisiciúil go leor freisin ag an am. Bhí gach duine acu.

‘Bhí Noel “tricky” agus d’imir Paul níos mó peil Ghaelach ná Noel agus Liam – bhí siad ag imirt sacar chomh maith, mar a bhí mise.

‘Ach d’imir an triúr acu ar feadh ceithre nó cúig bliana lenár gclub.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram