Beidh lóistín d’iarrthóirí tearmainn ar fáil i gceann seachtainí

29/08/2024

Cuirfear lóistín ar fáil in ainneoin moille a tharla de bharr na n-agóidí foréigneacha a spreag ceannairí i bhfad ar dheis ag scaipeadh líomhaintí bréagacha

Cuirfear tús le Halla Thornton a úsáid mar lóistín d’iarrthóirí tearmainn i gceann ceithre seachtaine.

Chuir agóidí leanúnacha moill ar obair ar shuíomh nua cóiríochta pubaill (tented accommodation) ar scála mór d’iarrthóirí tearmainn.

Roderic O’Gorman
Roderic O’Gorman

Cé go mbeidh ar na daoine atá ina gcónaí ann maireachtáil i bpubaill ar dtús, dúirt an tAire Lánpháirtíocht Roderic O’Gorman go ndéanfaí é a fhorbairt chun áit chónaithe níos fearr a thabhairt dóibh níos déanaí.

Tá an fhorbairt ag dul ar aghaidh in ainneoin na n-agóidí foréigneacha atá á ndéanamh ag daoine atá á spreagadh ag lucht tionchair i bhfad ar dheis, atá ag déanamh líomhaintí bréagacha faoi inimircigh.

Tá imeaglú déanta acu ar ghnáthoibrithe agus d’úsáid siad foréigean i gcoinne gardaí a bhí ag cosaint inimircigh.

Roimhe seo bhí an suíomh i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath curtha in áirithe le bheith mar an chéad ‘super prison’ ag an Stát ach níor tharla sé sin riamh.

Dheimhnigh an tAire O’Gorman go bhfuil sé ag súil go mbeidh ‘an chéad ghrúpa daoine ina gcónaí i Halla Thornton’ faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair.

Tá pleananna ann chun freastal ar thart ar 1,000 iarrthóir tearmainn ar an suíomh.

Níos luaithe an mhí seo ghlac gardaí smacht ar láithreacha timpeall an tsuímh 150 acra, le cosaint a thabhairt do chonraitheoirí atá ag dul isteach agus imeacht  ón áit.

Gabhadh roinnt daoine as bac a chur ar obair ar an suíomh d’iarrthóirí tearmainn.

Dúirt urlabhraí don Aire: ‘Déanfar cóiríocht do thart ar 440 duine i gcéimeanna i rith mhí Dheireadh Fómhair agus mhí na Samhna, agus is é an acmhainn fhadtéarmach ná 1,000 duine.

‘Cóiríocht i bpuball a bheidh anseo ar dtús, agus déanfar é a fhorbairt níos déanaí mar chóiríocht mhodúlach.’

Halla Thornton le haghaidh iarrthóirí tearmainn
Halla Thornton le haghaidh iarrthóirí tearmainn

Dúirt an tAire gur lean formhór na n-iarrthóirí tearmainn ag dul isteach sa Stát tríd an Tuaisceart ach go raibh sé ag súil le níos mó comhoibrithe leis an mBreatain sna míonna amach romhainn.

Dúirt sé: ‘Sílim go bhfuil an dá chóras, an dá mhaorlathas ar an dá thaobh, ag obair le chéile le haghaidh an rud is gá dúinn a dhéanamh.’

Is athrú é seo ó dhearcadh rialtas na Breataine nuair a bhí an Páirtí Tórach i gceannas.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram