Trump agus an ‘radical left lunatic’ Kennedy le chéile

27/08/2024

Tá coimeádaigh i lucht tacaíochta an Pháirtí Phoblachtánaigh ag cáineadh Trump as Robert F Kennedy, nia JFK, a chur ar a fhoireann

Tá sé beartaithe ag Donald Trump a iar-chomhraic (former rival), Robert F Kennedy Jr, a ainmniú dá fhoireann aistrithe uachtaránachta (presidential transition team).

Beidh Kennedy ina chomhchathaoirleach oinigh (honorary) ar an bhfoireann a chabhróidh le Trump na beartais agus an pearsanra a theastaíonn uaidh a roghnú.

Ach is amhlaidh a bheidh, má thagann Trumps chun bheith ina uachtarán arís tar éis an toghcháin.

Chuir Kennedy deireadh lena fheachtas neamhspleách chun bheith ina uachtarán, Dé hAoine, agus ansin thacaigh sé le Trump.

Robert Kennedy
Robert Kennedy

Agus é ag míniú a bhfuil ar siúl aige thug sé agallamh do Tucker Carlson, iar-láithreoir Fox News.

Dúirt sé: ‘Iarradh orm dul ar an bhfoireann aistrithe agus cuidiú leis na daoine a bheidh i mbun an rialtais a roghnú.’

Cuireadh an t-agallamh ar X.

Mar sin féin, níl sé soiléir cad go díreach a dhéanfaidh Kennedy ina ról aistrithe, má tá gá leis.

Beidh sé le cathaoirligh oinigh eile ar an bhfoireann aistrithe. Siad sin, iar-Daonlathach eile Tulsi Gabbard, Clann mhac Trump, Donald Jr agus Eric, chomh maith le JD Vance.

Chaith Robert J, ball den teaghlach cáiliúil Kennedy, mac le Bobby agus nia le JFK, an chuid is mó dá shaol mar Dhaonlathach forásach (progressive).

Ceithre mhí ó shin, ghlaoigh Trump air mar ‘radical left lunatic, a bhí ‘i bhfad níos LIOBRÁLACH ná éinne eile ag seasamh mar Dhaonlathach’.

Cháin feachtas Trump Kennedy maidir le tacú le cearta ginmhillte (abortion) agus comhshaolachas (environmentalism).

Agus anois tá roinnt coimeádaigh i lucht tacaíochta an Pháirtí Phoblachtánaigh tar éis Trump a cháineadh as Kennedy a cheapadh.

Creideann siad nach bhfuil Trump ag tacú le luachanna coimeádacha.

Dúirt Marc Short, straitéisí(strategist) a d’fheidhmigh mar cheannaire foirne don iar-Leas-Uachtarán Mike Pence, gur olc an rud é den ghluaiseacht choimeádach.

Donald Trump
Donald Trump

‘Tá coimeádaithe an tsaormhargaidh (free market), an rialtais theoranta (limited-government) agus an lucht leasa shóisialaigh ciceáilte chun tosaigh,’ a dúirt Short.

‘Ní spreagfar an líon daoine coimeádach traidisiúnta chun vótáil dúinn le lucht tacaíochta an rialtais mhóir,’ a dúirt sé.

Nuair a cuireadh a fheachtas ar fionraí Dé hAoine agus é ag tacú le Trump, dúirt Kennedy go mbeadh cúram sláinte agus beartas bia agus drugaí i gceist lena ról nua.

Ar an Luan, áfach, dúirt Trump le tuairisceoirí nár labhair sé le Kennedy faoi é a dhéanamh ina Rúnaí Sláinte agus Seirbhísí Daonna (Health and Human Services Secretary).

Mar sin féin, dúirt sé freisin go bhfuil ‘a lán eolais aige ar an ábhar agus go bhfuil fáilte mhór curtha aige ag an bpáirtí’.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram